1. Cuirfear an Clár chun feidhme trí bhíthin cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Leagfar amach sna cláir oibre na gníomhaíochtaí agus an buiséad gaolmhar is gá chun cuspóirí an Chláir a chomhlíonadh agus, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. Leis na cláir oibre, comhlánófar na cláir oibre le haghaidh chomhpháirt GOVSATCOM, dá dtagraítear in Airteagal 100 de Rialachán (AE) 2021/696.
Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3).