+Airteagal 41 Clársceidealú, faireachán agus tuairisciú
---+Airteagal 41 1
---+Airteagal 41 2
---+Airteagal 41 3
---+Airteagal 41 4
---+Airteagal 41 5
---+Airteagal 41 6
|
Airteagal 41 Clársceidealú, faireachán agus tuairisciú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 41 1
|
1. Cuirfear an Clár chun feidhme trí bhíthin cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Leagfar amach sna cláir oibre na gníomhaíochtaí agus an buiséad gaolmhar is gá chun cuspóirí an Chláir a chomhlíonadh agus, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. Leis na cláir oibre, comhlánófar na cláir oibre le haghaidh chomhpháirt GOVSATCOM, dá dtagraítear in Airteagal 100 de Rialachán (AE) 2021/696.
Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3).
|
|
Airteagal 41 2
|
2. Leagtar amach san Iarscríbhinn na táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3.
|
|
Airteagal 41 3
|
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 45, chun an Iarscríbhinn a leasú maidir leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá sin, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.
|
|
Airteagal 41 4
|
4. Más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 46 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 41 5
|
5. Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go ndéanfar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir a bhailiú ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil.
Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bhallstáit.
|
|
Airteagal 41 6
|
6. Chun críocha mhír 2, soláthróidh faighteoirí cistí de chuid an Aontais faisnéis iomchuí. Is ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil a bhaileofar na sonraí is gá chun an fheidhmíocht a fhíorú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.03.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0588
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|