+Airteagal 42 Meastóireacht
---+Airteagal 42 1
---+Airteagal 42 2
---+Airteagal 42 3
---+Airteagal 42 4
---+Airteagal 42 5
---+Airteagal 42 6
---+Airteagal 42 7
|
Airteagal 42 Meastóireacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 42 1
|
1. Déanfaidh an Coimisiún meastóireachtaí ar an gClár go tráthúil sa chaoi go bhféadfar iad a úsáid sa phróiseas cinnteoireachta.
|
|
Airteagal 42 2
|
2. Faoin 21 Márta 2024 agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na príomhthorthaí maidir le cur chun feidhme tosaigh an Chláir, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sainmhínithe a thabhairt chun críche, riachtanais úsáideoirí agus pleananna cur chun feidhme a chomhdhlúthú, chomh maith le tuairimí na ngeallsealbhóirí ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.
|
|
Airteagal 42 3
|
3. Faoin 30 Meitheamh 2026, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Chláir i bhfianaise na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
feidhmíocht an chórais nascachta sláine agus na seirbhísí a sholáthraítear faoin gClár, go háirithe aga folaigh íseal, iontaofacht, uathriail agus rochtain dhomhanda;
|
|
(b)
|
na samhlacha rialachais agus cur chur feidhme, agus a n-éifeachtúlacht;
|
|
(c)
|
éabhlóid riachtanais úsáideoirí an Chláir;
|
|
(d)
|
sineirgíocht agus comhlántacht an Chláir le cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe le GOVSATCOM agus comhpháirteanna eile de Chlár Spáis an Aontais;
|
|
(e)
|
éabhlóid na n-acmhainneachtaí agus na nuálaíochtaí atá ar fáil, agus forbairt teicneolaíochtaí nua san éiceachóras spáis;
|
|
(f)
|
rannpháirtíocht gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna ar fud an Aontais;
|
|
(g)
|
tionchar comhshaoil an Chláir agus na critéir arna leagan amach in Airteagal 8 á gcur san áireamh;
|
|
(h)
|
aon róchaiteachas, an tráthúlacht maidir le spriocdhátaí bunaithe an tionscadail a chomhlíonadh agus éifeachtacht rialachas agus bhainistiú an Chláir;
|
|
(i)
|
éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas ghníomhaíochtaí an Chláir agus a mbreisluach don Aontas.
|
Más iomchuí, beidh togra iomchuí ag gabháil leis an meastóireacht.
|
|
Airteagal 42 4
|
4. Leis an meastóireacht ar an gClár cuirfear san áireamh torthaí na meastóireachta ar chomhpháirt GOVSATCOM de bhun Airteagal 102 de Rialachán (AE) 2021/696.
|
|
Airteagal 42 5
|
5. Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.
|
|
Airteagal 42 6
|
6. Déanfaidh na heintitis atá páirteach i gcur chun feidhme an Rialacháin seo na sonraí agus an fhaisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún chun gur féidir an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.
|
|
Airteagal 42 7
|
7. 2 bhliain tar éis an cumas iomlán oibríochtúil a bhaint amach, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, eiseoidh an Ghníomhaireacht tuarascáil mhargaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, maidir le tionchar an Chláir ar thionscal réamhtheachtach agus iartheachtach satailítí tráchtála an Aontais d’fhonn an tionchar is lú is féidir a áirithiú ar iomaíochas agus d’fhonn a áirithiú go gcoinneofar na dreasachtaí chun nuálaíocht a dhéanamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.03.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0588
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|