+Airteagal 8 Bearta agus infheistíochtaí incháilithe atá le háireamh sna Pleananna Aeráide Sóisialta
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
|
Airteagal 8 Bearta agus infheistíochtaí incháilithe atá le háireamh sna Pleananna Aeráide Sóisialta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Féadfaidh an Ballstát na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a bhfuil tionchair mharthanacha acu a áireamh i gcostais iomlána mheasta an Phlean, ar choinníoll go ndírítear iad ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha nó ar úsáideoirí iompair leochaileacha go príomha agus go bhfuil siad beartaithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
tacú le hathchóiriú foirgneamh, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha agus do mhicrifhiontair leochaileacha atá sna foirgnimh is lú feidhmíochta, agus lena n-áirítear do thionóntaí agus do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
(b)
tacú le rochtain ar thithíocht inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta;
(c)
rannchuidiú le dícharbónú a dhéanamh, amhail trí leictriú, ar théamh agus fuarú foirgneamh, agus ar chócaireacht iontu, trí rochtain a sholáthar ar chórais inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh, agus trí ghiniúint agus stóráil fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú agus a stóráil, lena n-áirítear trí chomhphobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach agus custaiméirí gníomhacha eile chun glacadh féintomhaltas fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn, amhail comhroinnt fuinnimh agus trádáil fuinnimh inathnuaite idir piaraí, nascadh le heangacha cliste agus le gréasáin téimh ceantair, a rannchuidíonn le coigilteas fuinnimh a bhaint amach nó le bochtaineacht fuinnimh a laghdú;
(d)
faisnéis, oideachas, feasacht agus comhairle spriocdhírithe, inrochtana agus inacmhainne a sholáthar maidir le bearta agus infheistíochtaí costéifeachtacha, tacaíocht atá ar fáil d’athchóirithe foirgneamh agus éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith le roghanna eile soghluaisteachta agus iompair atá inbhuanaithe agus inacmhainne;
(e)
tacú le heintitis phoiblí agus phríobháideacha, lena n-áirítear soláthraithe tithíochta sóisialta, go háirithe comharchumainn phoiblí–phríobháideacha, chun réitigh inacmhainne éifeachtúlachta fuinnimh agus ionstraimí cistiúcháin iomchuí a fhorbairt agus a sholáthar i gcomhréir le spriocanna sóisialta an Chiste;
(f)
rochtain ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle agus ar rothair a sholáthar, agus neodracht theicneolaíoch á coinneáil ag an am céanna, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí fioscacha chun iad a cheannach, agus le haghaidh bonneagar poiblí agus príobháideach iomchuí, go háirithe, i gcás inarb ábhartha, feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cheannach, bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslúcháin agus margadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle athláimhe a fhorbairt; beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú, i gcás inar réiteach inacmhainne agus in-imscartha iad feithiclí astaíochtaí nialasacha, go dtugtar tosaíocht ina bPleananna do thacaíocht d’fheithiclí den sórt sin;
(g)
úsáid iompair phoiblí atá inacmhainne agus inrochtana a dhreasú agus tacú le heintitis phríobháideacha agus phoiblí, lena n-áirítear comharchumainn, chun soghluaisteacht inbhuanaithe ar éileamh, seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte agus roghanna soghluaisteachta gníomhacha a fhorbairt agus a sholáthar.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit na costais a bhaineann leis na bearta lena soláthraítear tacaíocht ioncaim dhíreach do theaghlaigh leochaileacha agus d’úsáideoirí iompair leochaileacha a áireamh i gcostais iomlána mheasta na bPleananna chun tionchar an mhéadaithe ar phraghsanna breoslaí iompair de bhóthar agus ar phraghsanna breoslaí téimh a laghdú. Beidh tacaíocht den sórt sin sealadach agus laghdófar le himeacht ama í. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach a sholáthar má áirítear ina bPleananna bearta nó infheistíochtaí atá dírithe ar na teaghlaigh leochaileacha sin agus ar na húsáideoirí iompair leochaileacha sin i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán seo. Beidh tacaíocht den sórt sin teoranta don tionchar díreach atá ag astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE. Ní bheidh costais na mbeart sin lena soláthraítear tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach níos mó ná 37,5 % de chostais iomlána mheasta an Phlean, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (j), den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit costais an chúnaimh theicniúil a áireamh i gcostais iomlána mheasta na bPleananna chun speansais a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí oiliúna, clársceidealaithe, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil gá leo chun an Ciste a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach, mar shampla staidéir, speansais teicneolaíochta faisnéise (TF), comhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí agus gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. Suas le 2,5 % de chostais iomlána mheasta an Phlean dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (j), a bheidh i gcostais cúnaimh theicniúil den sórt sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0955
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|