|
+Airteagal 8 1. |
Airteagal 8 1.Féadfaidh an Ballstát na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a bhfuil tionchair mharthanacha acu a áireamh i gcostais iomlána mheasta an Phlean, ar choinníoll go ndírítear iad ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha nó ar úsáideoirí iompair leochaileacha go príomha agus go bhfuil siad beartaithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
tacú le hathchóiriú foirgneamh, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha agus do mhicrifhiontair leochaileacha atá sna foirgnimh is lú feidhmíochta, agus lena n-áirítear do thionóntaí agus do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
(b)
tacú le rochtain ar thithíocht inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta;
(c)
rannchuidiú le dícharbónú a dhéanamh, amhail trí leictriú, ar théamh agus fuarú foirgneamh, agus ar chócaireacht iontu, trí rochtain a sholáthar ar chórais inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh, agus trí ghiniúint agus stóráil fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú agus a stóráil, lena n-áirítear trí chomhphobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach agus custaiméirí gníomhacha eile chun glacadh féintomhaltas fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn, amhail comhroinnt fuinnimh agus trádáil fuinnimh inathnuaite idir piaraí, nascadh le heangacha cliste agus le gréasáin téimh ceantair, a rannchuidíonn le coigilteas fuinnimh a bhaint amach nó le bochtaineacht fuinnimh a laghdú;
(d)
faisnéis, oideachas, feasacht agus comhairle spriocdhírithe, inrochtana agus inacmhainne a sholáthar maidir le bearta agus infheistíochtaí costéifeachtacha, tacaíocht atá ar fáil d’athchóirithe foirgneamh agus éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith le roghanna eile soghluaisteachta agus iompair atá inbhuanaithe agus inacmhainne;
(e)
tacú le heintitis phoiblí agus phríobháideacha, lena n-áirítear soláthraithe tithíochta sóisialta, go háirithe comharchumainn phoiblí–phríobháideacha, chun réitigh inacmhainne éifeachtúlachta fuinnimh agus ionstraimí cistiúcháin iomchuí a fhorbairt agus a sholáthar i gcomhréir le spriocanna sóisialta an Chiste;
(f)
rochtain ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle agus ar rothair a sholáthar, agus neodracht theicneolaíoch á coinneáil ag an am céanna, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí fioscacha chun iad a cheannach, agus le haghaidh bonneagar poiblí agus príobháideach iomchuí, go háirithe, i gcás inarb ábhartha, feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cheannach, bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslúcháin agus margadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle athláimhe a fhorbairt; beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú, i gcás inar réiteach inacmhainne agus in-imscartha iad feithiclí astaíochtaí nialasacha, go dtugtar tosaíocht ina bPleananna do thacaíocht d’fheithiclí den sórt sin;
(g)
úsáid iompair phoiblí atá inacmhainne agus inrochtana a dhreasú agus tacú le heintitis phríobháideacha agus phoiblí, lena n-áirítear comharchumainn, chun soghluaisteacht inbhuanaithe ar éileamh, seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte agus roghanna soghluaisteachta gníomhacha a fhorbairt agus a sholáthar. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|