+Airteagal 10 Acmhainní an Chiste
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.

Airteagal 10 Acmhainní an Chiste

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.
Cuirfear uasmhéid EUR 65 000 000 000 ar fáil don tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2032 i bpraghsanna reatha, i gcomhréir le hAirteagail 10a(8b), 30d(3) agus 30d(4) de Threoir 2003/87/CE, chun an Ciste a chur chun feidhme. Is é a bheidh sa mhéid sin ioncam sannta seachtrach chun críocha Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, gan dochar d’Airteagal 30d(4), an séú fomhír, de Threoir 2003/87/CE.

Na méideanna bliantúla a leithdháiltear ar an gCiste, laistigh de theorainn an uasmhéid a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh siad níos mó ná na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 30d(4), an ceathrú fomhír, de Threoir 2003/87/CE.

I gcás ina gcuirtear an córas trádála astaíochtaí a bunaíodh i gcomhréir le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE ar atráth go dtí 2028 de bhun Airteagal 30k den Treoir sin, is é EUR 54 600 000 000 a bheidh san uasmhéid atá le cur ar fáil don Chiste, agus ní rachaidh na méideanna bliantúla a leithdháiltear ar an gCiste thar na méideanna faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 30d(4), an cúigiú fomhír, de Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 10 2.
De mhaolú ar Airteagal 22(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus gan dochar d’Airteagal 19 den Rialachán seo, déanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas lena gcumhdaítear an t-uasmhéid ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil go huathoibríoch ag tús gach bliana airgeadais, ag tosú ón 1 Eanáir 2026, suas go dtí na méideanna bliantúla ábhartha is infheidhme dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír de mhír 1.
Airteagal 10 3.
Féadfaidh na méideanna dá dtagraítear i mír 1 speansais a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun an Ciste a bhainistiú agus a chuspóirí a ghnóthú, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear gníomhaíochtaí cuimsitheacha for-rochtana agus cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, speansais atá nasctha le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, uirlisí TF corparáideacha, agus gach speansas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an Ciste a bhainistiú. Féadfaidh na speansais gach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí tacaíochta eile a chumhdach freisin, amhail costais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun na gníomhaíochtaí incháilithe a mheasúnú agus a chur chun feidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0955
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.