+Airteagal 18 Leasú ar Phleananna Aeráide Sóisialta
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.
|
Airteagal 18 Leasú ar Phleananna Aeráide Sóisialta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
I gcás nach féidir Plean a bhaint amach a thuilleadh, lena n-áirítear garspriocanna agus spriocanna ábhartha, nó i gcás inar gá do Bhallstát é a choigeartú go suntasach, go hiomlán nó go páirteach, ar bhonn cúinsí oibiachtúla, go háirithe mar gheall ar na fíorthionchair dhíreacha a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann Plean leasaithe faoi bhráid an Choimisiúin chun na hathruithe is gá agus a bhfuil údar cuí leo a chuimsiú. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 11(4), chun an Plean leasaithe a ullmhú.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bPlean leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 16.
|
|
Airteagal 18 3.
|
I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú dearfach ar an bPlean leasaithe, déanfaidh sé, i gcomhréir le hAirteagal 17(1), cinneadh a ghlacadh ina leagtar amach na cúiseanna lena mheasúnú dearfach, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. De mhaolú ar Airteagal 17(1), glacfaidh an Coimisiún an cinneadh faoin mír seo laistigh de 3 mhí ón dáta a dtíolacfaidh an Ballstát lena mbaineann an Plean leasaithe.
|
|
Airteagal 18 4.
|
I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú diúltach ar an bPlean leasaithe, diúltóidh sé don Phlean leasaithe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3, tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de 3 mhí ón dáta a chuirfear an measúnú ón gCoimisiún ar an bPlean leasaithe in iúl.
|
|
Airteagal 18 5.
|
Faoin 15 Márta 2029, déanfaidh gach Ballstát measúnú ar oiriúnacht a Phlean i bhfianaise na bhfíorthionchar díreach a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE. Déanfar na measúnuithe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dteannta na dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.
|
|
Airteagal 18 6.
|
I gcás mionchoigeartuithe ar an bPlean, arb ionann iad agus méadú nó laghdú níos lú ná 5 % ar sprioc a leagtar amach sa Phlean, amhail mion-nuashonruithe ar na bearta agus ar na hinfheistíochtaí a leagtar amach sa Phlean, nó earráidí cléireachais a cheartú, tabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún faoi na hathruithe sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0955
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|