|
+Airteagal 21 2. |
Airteagal 21 2.Leis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 19, forálfar go mbeidh na hoibleagáidí seo a leanas ar na Ballstáit:
(a)
a sheiceáil go rialta go ndearnadh an maoiniú a sholáthraítear a úsáid mar is ceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme agus gur cuireadh aon bheart nó infheistíocht faoin bPlean chun feidhme i gceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú;
(b)
bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa mar a shainítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus a ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais leo a chosc, a bhrath agus a cheartú agus caingean dlí a dhéanamh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena n-áirítear i ndáil le haon bheart nó infheistíocht a cuireadh chun feidhme faoin bPlean;
(c)
an méid seo a leanas a chur le haon iarraidh ar íocaíocht:
(i)
dearbhú bainistíochta gur úsáideadh na leithdháiltí airgeadais chun na críche a beartaíodh dóibh, go bhfuil an fhaisnéis a tíolacadh in éineacht leis an iarraidh ar íocaíocht iomlán, cruinn agus iontaofa agus go dtugann na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun na dearbhuithe is gá go ndearnadh na leithdháiltí airgeadais a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú agus cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; agus
(ii)
achoimre ar na hiniúchtaí a rinneadh i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo, lena n-áirítear raon feidhme na n-iniúchtaí sin ó thaobh an mhéid caiteachais a chumhdaítear agus na tréimhse ama a chumhdaítear agus anailís ar na laigí a sainaithníodh agus ar aon ghníomh ceartaitheach a rinneadh;
(d)
chun críoch iniúchta agus rialaithe agus chun faisnéis inchomparáide a sholáthar ar úsáid leithdháiltí airgeadais i ndáil le bearta agus infheistíochtaí a cuireadh chun feidhme faoin bPlean, na catagóirí caighdeánaithe sonraí seo a leanas a bhailiú, a thaifeadadh, agus a stóráil i gcóras leictreonach agus rochtain orthu a áirithiú:
(i)
ainm fhaighteoirí deiridh na leithdháiltí airgeadais, a n-uimhreacha cláraithe CBL nó uimhreacha aitheantais chánach agus méid na leithdháiltí airgeadais ón gCiste;
(ii)
ainm an chonraitheora nó na gconraitheoirí agus an fhochonraitheora nó na bhfochonraitheoirí agus a n-uimhir chláraithe CBL nó a n-uimhreacha cláraithe CBL nó a n-uimhir nó uimhreacha aitheantais chánach agus luach an chonartha nó na gconarthaí i gcás inarb údarás conarthach faighteoir deiridh na leithdháiltí airgeadais i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le soláthar poiblí nó leis an dlí náisiúnta maidir le soláthar poiblí;
(iii)
céadainm nó céadainmneacha, sloinne nó sloinnte, dáta nó dátaí breithe agus uimhir chláraithe CBL nó uimhreacha cláraithe CBL nó uimhir nó uimhreacha aitheantais chánach úinéir tairbhiúil nó úinéirí tairbhiúla fhaighteoir na leithdháiltí airgeadais nó an chonraitheora, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 );
(iv)
liosta d’aon bhearta agus infheistíochtaí a cuireadh chun feidhme faoin gCiste le méid iomlán chistiú poiblí na mbeart agus na n-infheistíochtaí sin agus lena léirítear méid na gcistí a íocadh faoi chistí eile a maoiníodh as buiséad an Aontais;
(e)
údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus oibleagáidí a fhorchur ar fhaighteoirí deiridh uile na leithdháiltí airgeadais arna n-íoc chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa Phlean a chur chun feidhme, nó ar gach duine nó eintiteas eile atá bainteach lena gcur chun feidhme, údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus oibleagáidí comhchosúla a fhorchur ar gach faighteoir deiridh cistí arna n-eisíoc;
(f)
taifid a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 132 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, arb é an pointe tagartha an t-idirbheart íocaíochta a bhaineann leis an mbeart nó leis an infheistíocht faoi seach. Ní bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír den Airteagal seo de dhíth ach amháin i gcás ina mbeidh luach an tsoláthair phoiblí níos mó ná tairseacha an Aontais a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ). Maidir le fochonraitheoirí, ní bheidh an fhaisnéis sin de dhíth ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)
don chéad leibhéal fochonraitheoireachta;
(b)
i gcás ina dtaifeadtar an fhaisnéis sin maidir leis an gconraitheoir faoi seach; agus
(c)
i gcás fochonarthaí ar mó a luach iomlán ná EUR 50 000 . 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|