+Airteagal 21 Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.

Airteagal 21 Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21 1.
Agus na Pleananna á gcur chun feidhme ag na Ballstáit, mar thairbhithe cistí faoin gCiste, déanfaidh siad na bearta uile is iomchuí chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go gcomhlíontar, le húsáid na leithdháiltí airgeadais maidir le bearta agus infheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste leo, lena n-áirítear na cinn sin a dhéanann eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha i gcomhréir le hAirteagal 9, dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú. Chuige sin, soláthróidh na Ballstáit córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil, mar a leagtar amach a thuilleadh in Iarscríbhinn III, agus déanfaidh siad méideanna a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil. Féadfaidh na Ballstáit brath ar a gcórais rialta bainistithe buiséid náisiúnta.
Airteagal 21 2.

Leis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 19, forálfar go mbeidh na hoibleagáidí seo a leanas ar na Ballstáit:

(a) 

a sheiceáil go rialta go ndearnadh an maoiniú a sholáthraítear a úsáid mar is ceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme agus gur cuireadh aon bheart nó infheistíocht faoin bPlean chun feidhme i gceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(b) 

bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa mar a shainítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus a ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais leo a chosc, a bhrath agus a cheartú agus caingean dlí a dhéanamh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena n-áirítear i ndáil le haon bheart nó infheistíocht a cuireadh chun feidhme faoin bPlean;

(c) 

an méid seo a leanas a chur le haon iarraidh ar íocaíocht:

(i) 

dearbhú bainistíochta gur úsáideadh na leithdháiltí airgeadais chun na críche a beartaíodh dóibh, go bhfuil an fhaisnéis a tíolacadh in éineacht leis an iarraidh ar íocaíocht iomlán, cruinn agus iontaofa agus go dtugann na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun na dearbhuithe is gá go ndearnadh na leithdháiltí airgeadais a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú agus cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; agus

(ii) 

achoimre ar na hiniúchtaí a rinneadh i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo, lena n-áirítear raon feidhme na n-iniúchtaí sin ó thaobh an mhéid caiteachais a chumhdaítear agus na tréimhse ama a chumhdaítear agus anailís ar na laigí a sainaithníodh agus ar aon ghníomh ceartaitheach a rinneadh;

(d) 

chun críoch iniúchta agus rialaithe agus chun faisnéis inchomparáide a sholáthar ar úsáid leithdháiltí airgeadais i ndáil le bearta agus infheistíochtaí a cuireadh chun feidhme faoin bPlean, na catagóirí caighdeánaithe sonraí seo a leanas a bhailiú, a thaifeadadh, agus a stóráil i gcóras leictreonach agus rochtain orthu a áirithiú:

(i) 

ainm fhaighteoirí deiridh na leithdháiltí airgeadais, a n-uimhreacha cláraithe CBL nó uimhreacha aitheantais chánach agus méid na leithdháiltí airgeadais ón gCiste;

(ii) 

ainm an chonraitheora nó na gconraitheoirí agus an fhochonraitheora nó na bhfochonraitheoirí agus a n-uimhir chláraithe CBL nó a n-uimhreacha cláraithe CBL nó a n-uimhir nó uimhreacha aitheantais chánach agus luach an chonartha nó na gconarthaí i gcás inarb údarás conarthach faighteoir deiridh na leithdháiltí airgeadais i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le soláthar poiblí nó leis an dlí náisiúnta maidir le soláthar poiblí;

(iii) 

céadainm nó céadainmneacha, sloinne nó sloinnte, dáta nó dátaí breithe agus uimhir chláraithe CBL nó uimhreacha cláraithe CBL nó uimhir nó uimhreacha aitheantais chánach úinéir tairbhiúil nó úinéirí tairbhiúla fhaighteoir na leithdháiltí airgeadais nó an chonraitheora, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 );

(iv) 

liosta d’aon bhearta agus infheistíochtaí a cuireadh chun feidhme faoin gCiste le méid iomlán chistiú poiblí na mbeart agus na n-infheistíochtaí sin agus lena léirítear méid na gcistí a íocadh faoi chistí eile a maoiníodh as buiséad an Aontais;

(e) 

údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus oibleagáidí a fhorchur ar fhaighteoirí deiridh uile na leithdháiltí airgeadais arna n-íoc chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa Phlean a chur chun feidhme, nó ar gach duine nó eintiteas eile atá bainteach lena gcur chun feidhme, údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus oibleagáidí comhchosúla a fhorchur ar gach faighteoir deiridh cistí arna n-eisíoc;

(f) 

taifid a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 132 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, arb é an pointe tagartha an t-idirbheart íocaíochta a bhaineann leis an mbeart nó leis an infheistíocht faoi seach.

Ní bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír den Airteagal seo de dhíth ach amháin i gcás ina mbeidh luach an tsoláthair phoiblí níos mó ná tairseacha an Aontais a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ). Maidir le fochonraitheoirí, ní bheidh an fhaisnéis sin de dhíth ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

don chéad leibhéal fochonraitheoireachta;

(b) 

i gcás ina dtaifeadtar an fhaisnéis sin maidir leis an gconraitheoir faoi seach; agus

(c) 

i gcás fochonarthaí ar mó a luach iomlán ná EUR 50 000 .

Airteagal 21 3.
Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír (2), pointe (d), den Airteagal seo a phróiseáil chun críche imeachtaí um urscaoileadh, imeachtaí iniúchta agus imeachtaí rialaithe, agus gníomhaíochtaí faisnéise, gníomhaíochtaí cumarsáide agus gníomhaíochtaí infheictheachta, a bhaineann le húsáid leithdháiltí airgeadais a bhaineann le cur chun feidhme na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 19 agus d’fhad comhfhreagrach na n-imeachtaí agus na ngníomhaíochtaí sin. Próiseálfar na sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 nó Rialachán (AE) 2018/1725, cibé acu is infheidhme. Faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE, beidh an Ciste faoi réir tuairisciú faoin tuairisciú comhtháite airgeadais agus cuntasachta dá dtagraítear in Airteagal 247 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus go háirithe, ar leithligh sa tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht.
Airteagal 21 4.
Déanfar foráil freisin sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 19 do cheart an Choimisiúin an tacaíocht faoin gCiste a laghdú go comhréireach agus aon suim atá dlite do bhuiséad an Aontais a aisghabháil i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as comhaontuithe den sórt sin.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe, déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh a thromchúisí atá an chalaois, an t-éilliú agus an choinbhleacht leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó do shárú ar oibleagáid. Tabharfaidh an Coimisiún an deis don Bhallstát a chuid barúlacha a chur i láthair sula ndéantar an laghdú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0955
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.