|
+Airteagal 5 5. |
Airteagal 5 5.Beidh an fhaisnéis seo a leanas faoin iarratasóir san áireamh san iarratas ar údarú:
(a)
ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála;
(b)
uimhir EORI;
(c)
an phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch a dhéantar san Aontas;
(d)
deimhniú ón údarás cánach sa Bhallstát ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe nach bhfuil an t-iarratasóir sin faoi réir ordú aisghabhála gan íoc le haghaidh fiachais chánach náisiúnta;
(e)
dearbhú ar onóir nach raibh an t-iarratasóir páirteach in aon sárú tromchúiseach ná i sáruithe leantacha ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais ná ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh le linn na 5 bliana roimh bhliain an iarratais, lena n-áirítear gan aon taifead a bheith aige maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch;
(f)
an fhaisnéis uile is gá lena thaispeáint go bhfuil an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil ag an iarratasóir chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus, má chinneann an t-údarás inniúil ar bhonn measúnú riosca gur gá sin, doiciméid tacaíochta lena ndeimhnítear an fhaisnéis sin, amhail an cuntas brabúis agus caillteanais agus an clár comhardaithe le haghaidh suas le 3 cinn de na blianta airgeadais ba dhéanaí dár dúnadh na cuntais;
(g)
cainníocht mheasta allmhairí earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais de réir chineál na n-earraí agus faisnéis maidir leis na Ballstáit allmhairiúcháin, le haghaidh na bliana féilire ina gcuirtear isteach an t-iarratas, agus le haghaidh na bliana féilire dár gcionn;
(ga)
uimhir dheimhniú an oibreora eacnamaíoch údaraithe (AEO), má deonaíodh stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe don iarratasóir, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(h)
ainmneacha agus faisnéis teagmhála na ndaoine sin a bhfuil an t-iarratasóir ag feidhmiú ar a son, más infheidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|