|
+Airteagal 19 5. |
Airteagal 19 5.I gcás ina dtagann an t-údarás inniúil ar an tátal go bhfuil líon dearbhaithe na ndeimhnithe SCCT atá le géilleadh míchruinn, nó nach ndearnadh aon dearbhú SCCT a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6, cinnfidh sé an líon deimhnithe SCCT ar cheart iad a bheith géillte ag an dearbhóir SCCT údaraithe, agus an fhaisnéis arna tíolacadh ag an gCoimisiún á cur san áireamh. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don dearbhóir SCCT údaraithe faoina chinneadh maidir leis an líon deimhnithe SCCT a chinntear agus iarrfaidh sé go ngéillfidh an dearbhóir SCCT údaraithe na deimhnithe SCCT breise laistigh de thréimhse aon mhí amháin. Beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh mar aon le faisnéis faoin gceart chun achomharc a dhéanamh san áireamh i gcinneadh an údaráis inniúil. Tabharfar fógra faoin gcinneadh freisin trí chlárlann SCCT. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil, tar éis dó an réamh-ríomh a fháil ón gCoimisiún i gcomhréir le míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo, gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh, cuirfidh an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas dá réir sin, trí chlárlann SCCT. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|