+Airteagal 19 Athbhreithniú ar dhearbhuithe SCCT
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
|
Airteagal 19 Athbhreithniú ar dhearbhuithe SCCT
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Beidh ról maoirseachta ag an gCoimisiún san athbhreithniú ar dhearbhuithe SCCT.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhuithe SCCT, i gcomhréir le straitéis athbhreithnithe, lena n-áirítear fachtóirí riosca, laistigh den tréimhse dar críoch an ceathrú bliain i ndiaidh na bliana ar lena linn ba cheart dearbhuithe SCCT a bheith curtha isteach. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san athbhreithniú fíorú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i ndearbhú SCCT agus i dtuarascálacha fíorúcháin ar bhonn na faisnéise arna cur in iúl ag na húdaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 25, aon fhaisnéis ábhartha eile, agus ar bhonn aon iniúchta a mheastar a bhfuil gá leis, lena n-áirítear iniúchadh ag áitreabh an dearbhóra SCCT údaraithe. Cuirfidh an Coimisiún tionscnamh agus torthaí an athbhreithnithe in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe, trí chlárlann SCCT. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe athbhreithniú a dhéanamh freisin ar dhearbhú SCCT laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Cuirfidh an t-údarás inniúil tionscnamh agus torthaí an athbhreithnithe in iúl don Choimisiún, trí chlárlann SCCT.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Leagfaidh an Coimisiún amach go tréimhsiúil na fachtóirí sonracha riosca agus pointí airde, bunaithe ar anailís ar na rioscaí a bhaineann le cur chun feidhme SCCT ar leibhéal an Aontais, agus faisnéis atá i gclárlann SCCT, sonraí arna gcur in iúl ag údaráis chustaim, agus foinsí faisnéise ábhartha eile á gcur san áireamh, lena n-áirítear na rialuithe agus na seiceálacha a chuirtear i gcrích de bhun Airteagail 15(2) agus 25. Éascóidh an Coimisiún freisin an malartú faisnéise leis na húdaráis inniúla maidir le gníomhaíochtaí calaoiseacha, na conclúidí ar thángthas orthu de bhun Airteagal 25a agus na pionóis arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 26.
|
|
Airteagal 19 4.
|
I gcás ina mainníonn dearbhóir SCCT údaraithe dearbhú SCCT a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6, nó i gcás ina measann an Coimisiún, ar bhonn a athbhreithnithe faoi mhír 2 den Airteagal seo, go bhfuil líon dearbhaithe na ndeimhnithe SCCT míchruinn, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar oibleagáidí an dearbhóra SCCT údaraithe sin faoin Rialachán seo ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó. Déanfaidh an Coimisiún réamh-ríomh a shuí ar an líon iomlán deimhnithe SCCT ar cheart iad a ghéilleadh, faoin 31 Nollaig ar a dhéanaí den bhliain i ndiaidh na bliana sin inar cheart an dearbhú SCCT a bheith tíolactha, nó faoin 31 Nollaig ar a dhéanaí den cheathrú bliain i ndiaidh na bliana sin inar tíolacadh an dearbhú SCCT mícheart, de réir mar is infheidhme. Déanfaidh an Coimisiún an réamh-ríomh sin a sholáthar d’údaráis inniúla, chun críoch táscach agus gan dochar don ríomh cinntitheach arna shuí ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe bunaithe.
|
|
Airteagal 19 5.
|
I gcás ina dtagann an t-údarás inniúil ar an tátal go bhfuil líon dearbhaithe na ndeimhnithe SCCT atá le géilleadh míchruinn, nó nach ndearnadh aon dearbhú SCCT a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6, cinnfidh sé an líon deimhnithe SCCT ar cheart iad a bheith géillte ag an dearbhóir SCCT údaraithe, agus an fhaisnéis arna tíolacadh ag an gCoimisiún á cur san áireamh. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don dearbhóir SCCT údaraithe faoina chinneadh maidir leis an líon deimhnithe SCCT a chinntear agus iarrfaidh sé go ngéillfidh an dearbhóir SCCT údaraithe na deimhnithe SCCT breise laistigh de thréimhse aon mhí amháin. Beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh mar aon le faisnéis faoin gceart chun achomharc a dhéanamh san áireamh i gcinneadh an údaráis inniúil. Tabharfar fógra faoin gcinneadh freisin trí chlárlann SCCT. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil, tar éis dó an réamh-ríomh a fháil ón gCoimisiún i gcomhréir le míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo, gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh, cuirfidh an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas dá réir sin, trí chlárlann SCCT.
|
|
Airteagal 19 6.
|
I gcás ina dtagann an t-údarás inniúil ar an tátal gur mó an líon deimhnithe SCCT a ghéilltear ná an líon ar cheart iad a bheith géillte, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi gan mhoill. Déanfar na deimhnithe SCCT de bhreis a ghéilltear a athcheannach i gcomhréir le hAirteagal 23.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0956
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|