Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí shonrú breise a dhéanamh ar uainiú, riarachán, struchtúr agus leibhéal na dtáillí, agus ar ghnéithe eile a bhaineann leis an mbainistiú ar dhíol agus athcheannach deimhnithe SCCT, agus le heagrú agus úsáid an ardáin lárnaigh choitinn, ag féachaint le comhleanúnachas a áirithiú leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 ón gCoimisiún (
5
). Áiritheofar leis na gníomhartha tarmligthe go mbeidh eagrú agus úsáid an ardáin lárnaigh choitinn costéifeachtúil, go socrófar leibhéal na dtáillí chun na costais ábhartha a chumhdach go beacht agus go seachnófar costais riaracháin mhíchuí.