+Airteagal 27 Imchéimniú
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.
---+Airteagal 27 6.
|
Airteagal 27 Imchéimniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1.
|
Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an Airteagal seo, bunaithe ar shonraí ábhartha agus oibiachtúla, chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais lena ndéantar an Rialachán seo a imchéimniú.
|
|
Airteagal 27 2.
|
Saineofar cleachtais imchéimniúcháin mar athrú ar an bpatrún trádála in earraí, ar athrú é a eascraíonn as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leo seachas aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint, go hiomlán nó go páirteach. Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis an gcleachtas, próiseas nó obair sin, ach gan a bheith teoranta dóibh:
(a)
na hearraí lena mbaineann a mhodhnú rud beag chun iad a chur faoi chóid AC nach liostaítear in Iarscríbhinn I, ach amháin i gcás ina ndéanann an modhnú athrú ar a mbuntréithe;
▼M1
(b)
allmhairí a roinnt go saorga, lena n-áirítear trí shocruithe nach fíorshocruithe iad, ionas nach sárófar an tairseach mhais-bhunaithe aonair.
▼B
|
|
Airteagal 27 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an gcás ar leibhéal an Aontais, d’fhonn cleachtais imchéimniúcháin a shainaithint, lena n-áirítear trí fhaireachas margaidh nó ar bhonn aon fhoinse ábhartha faisnéise, amhail aighneachtaí ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus tuairisciú uathu.
|
|
Airteagal 27 4.
|
Ballstát nó aon pháirtí a ndéanann aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 2 difear dó, nó a dtéann na cásanna sin chun sochair dó, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún má bhíonn air dul i ngleic le cleachtais imchéimniucháin. Maidir le páirtithe leasmhara seachas páirtithe a ndéantar difear dóibh go díreach nó páirtithe a thairbhíonn, amhail eagraíochtaí comhshaoil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, a aimsíonn fianaise nithiúil maidir le cleachtais imchéimniúcháin, féadfaidh siad freisin fógra a thabhairt don Choimisiún.
|
|
Airteagal 27 5.
|
Luafar san fhógra dá dtagraítear i mír 4 na cúiseanna is bun leis agus áireofar ann sonraí agus staidreamh ábhartha chun tacú leis an maíomh maidir le himchéimniú an Rialacháin seo. Cuirfidh an Coimisiún tús le himscrúdú ar mhaíomh maidir le himchéimniú i gcás ina bhfaigheann sé fógra ó Bhallstát, nó ó pháirtí dá ndéantar difear, ó pháirtí a thairbhíonn nó ó pháirtí leasmhar eile, ar choinníoll go gcomhlíonann an fógra na ceanglais dá dtagraítear sa mhír seo, nó i gcás ina gcinneann an Coimisiún féin go bhfuil gá leis an imscrúdú sin. Agus an t-imscrúdú á dhéanamh, féadfaidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis chustaim cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Tabharfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 9 mí ó dháta an fhógra. I gcás ina dtionscnaítear imscrúdú, tabharfaidh an Coimisiún fógra do na húdaráis inniúla uile.
|
|
Airteagal 27 6.
|
I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún lena chreidiúint, agus na sonraí, na tuarascálacha agus an staidreamh ábhartha á gcur san áireamh aige, lena n-áirítear iad siúd arna soláthar ag údaráis chustaim, gur ann do na himthosca dá dtagraítear i mír 2, pointe (a) den Airteagal seo, i mBallstát amháin nó níos mó trí bhíthin patrún bunaithe, tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun leasú a dhéanamh ar liosta na n-earraí in Iarscríbhinn I trí na hearraí táirgí atá modhnaithe de bheagán dá dtagraítear i mír 2, pointe (a) den Airteagal seo, a chur leis chun críoch frith-imchéimniúcháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0956
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|