|
+Airteagal 35 5. |
Airteagal 35 5.I gcás ina dtionscnóidh údarás inniúil an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo nós imeachta ceartúcháin, lena n-áirítear faisnéis a fuarthas i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo á meas, agus ina gcinnfidh sé nach bhfuil na bearta is gá déanta ag an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ag an ionadaí custaim indíreach chun tuarascáil SCCT a cheartú, nó i gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil lena mbaineann, go háirithe agus faisnéis a fuarthas i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo á cur san áireamh, nár chomhlíon an t-allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, an t-ionadaí custaim indíreach an oibleagáid tuarascáil SCCT a thíolacadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, forchuirfidh an t-údarás inniúil sin pionós éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ar an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ar an ionadaí custaim indíreach. Chuige sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAireagal 32, don ionadaí custaim indíreach agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin méid seo a leanas:
(a)
an chonclúid, agus na cúiseanna leis an gconclúid sin, i gcás inar mhainnigh an t-allmhaireoir, nó i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, an t-ionadaí custaim indíreach an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tuarascáil a thíolacadh do ráithe ar leith nó nár ghlac sé na bearta is gá chun an tuarascáil a cheartú;
(b)
méid an phionóis atá á fhorchur ar an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ar an ionadaí custaim indíreach;
(c)
an dáta óna mbeidh an pionós dlite;
(d)
an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ag an ionadaí custaim indíreach chun an pionós a íoc; agus
(e)
an ceart atá ag an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 32, ag an ionadaí custaim indíreach achomharc a dhéanamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|