|
+Airteagal 35 7. |
Airteagal 35 7.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
an fhaisnéis atá le tuairisciú, an modh agus an fhormáid don tuairisciú sin, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe de réir na tíre tionscnaimh agus an chineáil earraí chun tacú leis na hiomláin dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (b) agus (c), agus samplaí d’aon lacáiste ábhartha nó d’aon chineál eile cúitimh atá ar fáil dá dtagraítear i mír 2, pointe (d);
(b)
raon táscach na bpionós atá le forchur de bhun mhír 5 agus na critéir atá le cur san áireamh chun an méid iarbhír a chinneadh, lena n-áirítear tromchúis agus fad na mainneachtana tuairisc a thabhairt;
(c)
rialacha mionsonraithe maidir leis an meánphraghas bliantúil carbóin atá dlite dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), arna shloinneadh in airgeadra eachtrach a chomhshó in euro ag an meánráta malairte bliantúil;
(d)
rialacha mionsonraithe maidir leis na gnéithe de na modhanna ríomha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, lena n-áirítear teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe, na fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha na n-astaíochtaí iarbhír agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra; agus
(e)
na modhanna agus an fhormáid do na ceanglais tuairiscithe le haghaidh astaíochtaí indíreacha in earraí allmhairithe; áireofar san fhormáid sin cainníocht an leictreachais a úsáidtear chun na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh, chomh maith leis an tír thionscnaimh, foinse na giniúna agus na fachtóirí astaíochta a bhaineann leis an leictreachas sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2) den Rialachán seo. Beidh feidhm acu maidir le hearraí a allmhairítear le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán seo agus cuirfidh siad leis an reachtaíocht atá ann cheana le haghaidh suiteálacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|