+Airteagal 6 Srianta ar shubstaintí
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
|
Airteagal 6 Srianta ar shubstaintí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
De bhreis ar na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus in Airteagal 4(2), pointe (a), de Threoir 2000/53/CE, ní bheidh substaintí i gceallraí dá bhfuil srian in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ach amháin i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha an tsriain sin.
|
|
Airteagal 6 2.
|
I gcás ina bhfuil riosca doghlactha ann do shláinte an duine nó don chomhshaol, a eascraíonn as úsáid substainte i monaraíocht ceallraí nó as substaint a bheith sna ceallraí an tráth a chuirtear ar an margadh iad, nó a eascraíonn le linn chéimeanna a saolré ina dhiaidh sin, lena n-áirítear le linn athrú cuspóra nó le linn cóireáil ceallraí dramhaíola, nach ndéantar rialú leordhóthanach air nó ar gá aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun na srianta in Iarscríbhinn I a leasú, de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 86, 87 agus 88.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Ní bheidh feidhm ag srianta arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo maidir le húsáid substainte i dtaighde agus i bhforbairt eolaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (23), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, a dhéantar i ndáil le ceallraí.
|
|
Airteagal 6 4.
|
I gcás nach bhfuil feidhm ag srian, arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo, maidir le taighde agus forbairt a bheidh dírithe ar tháirgí agus ar phróisis, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (22), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, sonrófar an díolúine sin, chomh maith le huaschainníocht na substainte a bheidh díolmhaithe, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 6 5.
|
Faoin 31 Nollaig 2027, ullmhóidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a cuireadh ar bun faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“an Ghníomhaireacht”), tuarascáil ar shubstaintí ar údar imní iad, eadhon substaintí a bhfuil éifeacht dhíobhálach acu ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol nó a chuireann bac ar athchúrsáil i gcás amhábhair thánaisteacha atá sábháilte agus ar ardchaighdeán, atá i gceallraí nó a úsáidtear ina monarú. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle ina sonrófar a thorthaí agus breithneoidh sé ar na bearta leantacha iomchuí lena n-áirítear glacadh na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|