+Airteagal 10 Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, ceallraí LMT agus ceallraí feithiclí leictreacha
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
|
Airteagal 10 Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, ceallraí LMT agus ceallraí feithiclí leictreacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Ón 18Lúnasa 2024, beidh doiciméad ina bhfuil na luachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV ag gabháil le ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, ceallraí LMT agus ceallraí feithiclí leictreacha. I gcás na gceallraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, míniú ar na sonraíochtaí teicniúla, na caighdeáin theicniúla agus na coinníollacha teicniúla arna n-úsáid chun na luachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a thomhas, a ríomh nó a mheas. Beidh sa mhíniú sin na heilimintí a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IV, ar a laghad.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Ón 18 Lúnasa 2027 nó ó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 5, cibé acu is déanaí, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, comhlíonfaidh siad na híosluachanna a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun na chéad fomhíre de mhír 5 le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Ón 18 Lúnasa 2028 nó ó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 5, cibé acu is déanaí, comhlíonfaidh ceallraí LMT na híosluachanna a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun na dara fomhíre de mhír 5 le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le ceallra a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a chuspóir nó a athmhonaraíodh, i gcás ina léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an ceallra sin ar an margadh nó a chuireann i seirbhís é, sula ndearnadh oibríochtaí den sórt sin air, gur cuireadh an ceallra ar an margadh nó i seirbhís roimh na dátaí a thiocfaidh na hoibleagáidí sin chun bheith infheidhme de réir na míreanna sin.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Faoin 18 Feabhra 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV a bhainfidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, ag a bhfuil toilleadh os cionn 2 kWh, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, amach. Faoin 18 Feabhra 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV a bhainfidh ceallraí LMT amach. Ar dó na gníomhartha tarmligthe a ullmhú dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír, measfaidh an Coimisiún an gá an tionchar atá ag ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a laghdú, ar ceallraí iad ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, seachas na cinn a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu, agus ceallraí LMT, agus áiritheoidh sé nach mbeidh drochthionchar suntasach ag na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha sin ar fheidhmiúlacht na gceallraí sin nó na bhfearas, na modhanna éadroma iompair ná na bhfeithiclí eile ina n-ionchorpraítear na ceallraí sin, ar a n-inacmhainneacht ná ar iomaíochas an tionscail.
|
|
Airteagal 10 6.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun na paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a leasú i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch, lena n-áirítear, go háirithe, maidir le sonraíochtaí teicniúla Mheitheal neamhfhoirmiúil UNECE um Fheithiclí Leictreacha agus an Comhshaol.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|