+Airteagal 11 Inbhainteacht agus in-athsholáthraitheacht ceallraí inaistrithe agus cheallraí LMT
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.
---+Airteagal 11 9.
|
Airteagal 11 Inbhainteacht agus in-athsholáthraitheacht ceallraí inaistrithe agus cheallraí LMT
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Áiritheoidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ar an margadh ina n-ionchorpraítear ceallraí inaistrithe go mbeidh an t-úsáideoir deiridh tráth ar bith le linn shaolré an táirge in ann na ceallraí sin a bhaint nó a athsholáthar go héasca. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin ach amháin maidir le ceallraí iomlána agus ní maidir le cealla aonair ná codanna eile atá i gceallraí den sórt sin. Measfar gur féidir leis an úsáideoir deiridh ceallra inaistrithe a bhaint go réidh nuair is féidir é a bhaint de tháirge trí uirlisí atá ar fáil ar bhonn tráchtála a úsáid, gan gá a bheith le húsáid uirlisí speisialaithe, ach amháin má sholáthraítear saor in aisce leis an táirge iad, le huirlisí dílsithe, le fuinneamh teirmeach, nó le tuaslagóirí chun an táirge a dhíchóimeáil. Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ar an margadh, táirgí ina n-ionchorpraítear ceallraí inaistrithe, áiritheoidh sé go mbeidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta maidir le húsáid, baint agus athsholáthar na gceallraí ag gabháil leis na táirgí sin. Cuirfear na treoracha sin agus an fhaisnéis sábháilteachta sin ar fáil go buan ar líne, ar shuíomh gréasáin a bheidh ar fáil go poiblí, ar bhealach sothuigthe d’úsáideoirí deiridh. Beidh an mhír seo gan dochar d’aon fhorálacha sonracha lena n-áirithítear leibhéal níos airde cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine maidir le húsáideoirí deiridh a bheith in ann ceallraí inaistrithe a bhaint agus a athsholáthar, a leagtar síos in aon dlí de chuid an Aontais maidir le trealamh leictreach agus leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2012/19/AE.
|
|
Airteagal 11 2.
|
De mhaolú ar mhír 1, féadfar na táirgí seo a leanas ina n-ionchorpraítear ceallraí inaistrithe a dhearadh ar bhealach a fhágfaidh gur gairmithe neamhspleácha amháin a bheidh in ann an ceallra a bhaint agus a athsholáthar:
(a)
fearais atá saindeartha chun oibriú go príomha i dtimpeallacht ina mbíonn deoir anuas nó sruthanna uisce orthu nó ina dtumtar in uisce go rialta iad agus atá beartaithe a bheith in-nite nó insruthlaithe;
(b)
feistí gairmiúla íomhánna leighis agus radaiteiripe, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/745, agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/746.
Ní bheidh an maolú a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo infheidhme ach amháin nuair is gá maolú den sórt sin chun sábháilteacht an úsáideora agus an fhearais a áirithiú.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 i gcás inar gá leanúnachas an tsoláthair cumhachta agus nasc buan idir an táirge agus an ceallra inaistrithe lena ngabhann chun sábháilteacht an úsáideora agus an fhearais a áirithiú nó, i gcás táirgí dar príomhaidhm sonraí a bhailiú agus a sholáthar, ar chúiseanna sláine sonraí.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun mír 2 den Airteagal seo a leasú trí tháirgí breise a chur léi atá le díolmhú ó na ceanglais inbhainteachta agus in-athsholáthraitheachta a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo. Ní ghlacfar gníomhartha tarmligthe den sórt sin ach amháin mar gheall ar fhorbairtí sa mhargadh agus dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, agus ar choinníoll go bhfuil cúiseanna imní a bhfuil bonn eolaíoch leo ann maidir le sábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh agus ceallraí inaistrithe á mbaint nó á n-athsholáthar acu, nó i gcásanna ina bhfuil riosca ann go sáródh úsáideoirí deiridh ceanglas sábháilteachta táirge amháin nó níos mó dá bhforáiltear le dlí an Aontais is infheidhme dá mbainfeadh siad nó dá n-athsholáthródh siad an ceallra.
|
|
Airteagal 11 5.
|
Áiritheoidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ar an margadh ina n-ionchorpraítear ceallraí LMT go mbeidh gairmí neamhspleách tráth ar bith le linn shaolré an táirge in ann na ceallraí sin, chomh maith le cealla ceallraí aonair a áirítear sa phacáiste ceallra, a bhaint nó a athsholáthar go héasca.
|
|
Airteagal 11 6.
|
Chun críocha mhíreanna 1 agus 5, measfar é a bheith éasca ceallra inaistrithe nó ceallra LMT éasca a athsholáthar i gcás inar féidir, tar éis dó a bheith bainte as fearas nó as modh éadrom iompair, é a ionadú le ceallra comhoiriúnach eile gan difear a dhéanamh d’fheidhmiú, feidhmíocht ná sábháilteacht an fhearais sin nó na modhanna éadroma iompair sin.
|
|
Airteagal 11 7.
|
Áiritheoidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ar an margadh ina n-ionchorpraítear ceallraí inaistrithe nó ceallraí LMT go bhfuil na ceallraí sin ar fáil mar pháirteanna spártha den trealamh dá dtugann siad cumhacht ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis dó aonad deireanach na samhla trealaimh a chur ar an margadh, agus praghas réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach do ghairmithe neamhspleácha agus d’úsáideoirí deiridh orthu.
|
|
Airteagal 11 8.
|
Ní úsáidfear bogearraí chun bac a chur ar athsholáthar ceallra inaistrithe nó ceallra LMT, nó ar a bpríomh-chomhpháirteanna, le ceallra comhoiriúnach eile nó príomh-chomhpháirteanna comhoiriúnacha eile.
|
|
Airteagal 11 9.
|
Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe an Airteagail seo a éascú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|