|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.Áiritheoidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ar an margadh ina n-ionchorpraítear ceallraí inaistrithe go mbeidh an t-úsáideoir deiridh tráth ar bith le linn shaolré an táirge in ann na ceallraí sin a bhaint nó a athsholáthar go héasca. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin ach amháin maidir le ceallraí iomlána agus ní maidir le cealla aonair ná codanna eile atá i gceallraí den sórt sin. Measfar gur féidir leis an úsáideoir deiridh ceallra inaistrithe a bhaint go réidh nuair is féidir é a bhaint de tháirge trí uirlisí atá ar fáil ar bhonn tráchtála a úsáid, gan gá a bheith le húsáid uirlisí speisialaithe, ach amháin má sholáthraítear saor in aisce leis an táirge iad, le huirlisí dílsithe, le fuinneamh teirmeach, nó le tuaslagóirí chun an táirge a dhíchóimeáil. Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ar an margadh, táirgí ina n-ionchorpraítear ceallraí inaistrithe, áiritheoidh sé go mbeidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta maidir le húsáid, baint agus athsholáthar na gceallraí ag gabháil leis na táirgí sin. Cuirfear na treoracha sin agus an fhaisnéis sábháilteachta sin ar fáil go buan ar líne, ar shuíomh gréasáin a bheidh ar fáil go poiblí, ar bhealach sothuigthe d’úsáideoirí deiridh. Beidh an mhír seo gan dochar d’aon fhorálacha sonracha lena n-áirithítear leibhéal níos airde cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine maidir le húsáideoirí deiridh a bheith in ann ceallraí inaistrithe a bhaint agus a athsholáthar, a leagtar síos in aon dlí de chuid an Aontais maidir le trealamh leictreach agus leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Threoir 2012/19/AE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|