+Airteagal 14 Faisnéis maidir le staid sláinte agus le saolré ionchasach na gceallraí
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
|
Airteagal 14 Faisnéis maidir le staid sláinte agus le saolré ionchasach na gceallraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Ón 18 Lúnasa 2024, tabharfar, i gcóras bainistithe ceallraí na gcóras stórála fuinnimh i gceallraí suite, ceallraí LMT agus ceallraí feithiclí leictreacha, sonraí cothrom le dáta le haghaidh na bparaiméadar chun staid sláinte agus saolré ionchasach ceallraí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a chinneadh.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Soláthrófar rochtain inléite amháin ar shonraí le haghaidh na bparaiméadar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII tríd an gcóras bainistithe ceallra dá dtagraítear i mír 1, agus cearta maoine intleachtúla mhonaróir an cheallra á n-urramú, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach don duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaigh an ceallra go dleathach, lena n-áirítear oibreoirí neamhspleácha nó oibrithe bainistithe dramhaíola, nó d’aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a gceann tráth ar bith, chun críoch an mhéid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an ceallra a chur ar fáil do chomhbhailitheoirí neamhspleácha nó do rannpháirtithe sa mhargadh trí stóráil fuinnimh;
(b)
meastóireacht a dhéanamh ar luach iarmharach nó ar an tsaolré atá fágtha ag an gceallra agus ar an gcumas atá ann tuilleadh úsáide a bhaint as, bunaithe ar an meastachán ar staid sláinte an cheallra;
(c)
ullmhú an cheallra le haghaidh athúsáide, ullmhú an cheallra le haghaidh athrú cuspóra, athrú cuspóra an cheallra nó athmhonarú an cheallra a éascú.
|
|
Airteagal 14 3.
|
I gcás inar gá d’oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann ullmhú le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athrú cuspóra, athrú cuspóra nó athmhonarú bogearraí córais bainistithe ceallraí éagsúla a uaslódáil, áireofar sa chóras bainistithe ceallraí feidhm athshocraithe bogearraí. I gcás ina n-úsáidtear an fheidhm athshocraithe bogearraí, ní bheidh an monaróir ceallraí bunaidh faoi dhliteanas i leith aon sárú ar shábháilteacht nó ar fheidhmiúlacht an cheallra a d’fhéadfaí a chur i leith bogearraí córais bainistithe ceallraí a uaslódáladh tar éis an ceallra sin a bheith curtha ar an margadh.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun leasú a dhéanamh ar na paraiméadair chun staid sláinte agus saolré ionchasach ceallraí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a chinneadh i bhfianaise fhorbairtí an mhargaidh agus an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch agus chun sineirgí a áirithiú le paraiméadair a leagtar amach i Rialachán Teicniúil Domhanda Uimh. 22 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle le haghaidh feithiclí leictrithe, agus aird chuí á tabhairt ar chearta maoine intleachtúla mhonaróir na gceallraí.
|
|
Airteagal 14 5.
|
Beidh feidhm le forálacha an Airteagail seo sa bhreis orthu siúd a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le feithiclí a chineálcheadú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|