+Airteagal 29 Nós imeachta um fhógra a thabhairt
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
---+Airteagal 29 6.

Airteagal 29 Nós imeachta um fhógra a thabhairt

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1.
Ní thabharfaidh údarás a thugann fógra fógra ach do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25.
Airteagal 29 2.
Seolfaidh an t-údarás a thugann fógra fógra chuig an gCoimisiún agus údaráis na mBallstát eile a thugann fógra faoi gach comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 1 agus úsáid á baint as an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.
Airteagal 29 3.
Beidh san fhógra tuairisc iomlán ar na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, ar an modúl nó ar na modúil measúnaithe comhréireachta nó na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 48(2) agus Airteagal 51, agus ar chatagóirí na gceallraí lena mbaineann agus ar fhianú ábhartha na hinniúlachta.
Airteagal 29 4.
I gcás nach bhfuil fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(2), soláthróidh an t-údarás a thugann fógra, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, fianaise dhoiciméadach lena bhfianaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta agus na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéantar faireachán ar an gcomhlacht go tráthrialta agus go leanfaidh an comhlacht de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 25.
Airteagal 29 5.
Ní fheidhmeoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra ach amháin mura ndéanfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit eile aon agóidí ina choinne laistigh de 2 sheachtain ó thráth déanta an fhógra i gcás deimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(2) a bheidh ann nó laistigh de 2 mhí ó thráth déanta an fhógra i gcás fianaise dhoiciméadach dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a bheidh san fhógra. Chun críocha an Rialacháin seo, ní mheasfar ach comhlacht um measúnú comhréireachta den sórt sin mar chomhlacht faoina dtugtar fógra.
Airteagal 29 6.
Tabharfaidh an t-údarás a thugann fógra fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le haon athruithe arna ndéanamh ina dhiaidh sin ar an bhfógra dá dtagraítear i mír 2.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.