+Airteagal 33 Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
---+Airteagal 33 5.
|
Airteagal 33 Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1.
|
Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 48(2), Airteagal 51 nó Iarscríbhinn VIII, de réir mar a chinntear le raon feidhme an fhógra arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 29.
|
|
Airteagal 33 2.
|
Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta ar bhealach comhréireach, agus cruthú ualaigh neamhriachtanaigh d’oibreoirí eacnamaíocha á sheachaint, agus aird chuí á tabhairt ar mhéid ghnóthais, an earnáil ina bhfeidhmíonn an gnóthas, struchtúr an ghnóthais, a chasta atá an ceallra atá le measúnú, agus mais an phróisis táirgthe nó cineál srathach an phróisis sin. Urramóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra mar sin féin an méid smachta agus an leibhéal cosanta a éilítear chun go gcomhlíonfaidh an ceallra agus oibreoirí eacnamaíochta an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 33 3.
|
I gcás ina bhfionnann comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13, 14, 49 agus 50, i gcaighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha dá dtagraítear in Airteagal 15, sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 nó sonraíochtaí teicniúla eile comhlíonta, éileoidh sé go ndéanfaidh an monaróir nó oibreoir eacnamaíoch ábhartha eile gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí in oirchill an dara measúnú comhréireachta, arb é an measúnú críochnaitheach é, ach amháin mura féidir na heasnaimh a leigheas. I gcás nach féidir na heasnaimh a leigheas, ní eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an deimhniú comhréireachta ná an cinneadh formheasa.
|
|
Airteagal 33 4.
|
I gcás ina bhfionnann comhlacht faoina dtugtar fógra, agus an faireachán á dhéanamh aige ar chomhréireacht tar éis do chinneadh formheasa a bheith eisithe, nach ann a thuilleadh do chomhlíontacht, éileoidh sé ar an monaróir nó ar an oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) de réir mar is infheidhme, gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh agus cuirfidh sé an cinneadh formheasa ar fionraí nó tarraingeoidh sé siar é, más gá.
|
|
Airteagal 33 5.
|
I gcás nach ndéantar gníomhaíocht cheartaitheach dá dtagraítear i mír 4 nó nach mbainfidh an éifeacht riachtanach léi, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an cinneadh formheasa a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|