+Airteagal 38 Oibleagáidí na monaróirí
---+Airteagal 38 1.
---+Airteagal 38 2.
---+Airteagal 38 3.
---+Airteagal 38 4.
---+Airteagal 38 5.
---+Airteagal 38 6.
---+Airteagal 38 7.
---+Airteagal 38 8.
---+Airteagal 38 9.
---+Airteagal 38 10.
---+Airteagal 38 11.

Airteagal 38 Oibleagáidí na monaróirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 38 1.

Agus cheallra á chur ar an margadh nó á chur i seirbhís acu, lena n-áirítear chun críocha an mhonaróra féin, áiritheoidh monaróirí maidir leis an gceallra:

(a) 

gur dearadh agus gur monaraíodh é i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12 agus 14, agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta atá soiléir, intuigthe agus inléite ag gabháil leis i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar an margadh nó le cur i seirbhís; agus

(b) 

go marcáiltear agus go lipéadaítear é i gcomhréir le hAirteagal 13.

Airteagal 38 2.
Sula gcuirfear ceallra ar an margadh nó sula gcuirfear i seirbhís é, tarraingeoidh monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII agus cuirfidh siad i gcrích an nós imeachta ábhartha measúnaithe comhréireachta, dá dtagraítear in Airteagal 17, nó socróidh siad go gcuirfear i gcrích é.
Airteagal 38 3.
I gcás inar léiríodh leis an nós imeachta ábhartha measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 17 go gcomhlíonann ceallra na ceanglais is infheidhme, tarraingeoidh monaróirí dearbhú comhréireachta AE suas i gcomhréir le hAirteagal 18 agus greamóidh siad an mharcáil CE de i gcomhréir le hAirteagail 19 agus 20.
Airteagal 38 4.
Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IX agus an dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra a bheith curtha ar an margadh nó i seirbhís.
Airteagal 38 5.
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm le haghaidh ceallra atá ina chuid de tháirgeadh srathach chun leanúint de bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo. Agus sin á dhéanamh, cuirfidh monaróirí san áireamh go leordhóthanach athruithe ar an bpróiseas táirgthe nó ar dhearadh nó ar shaintréithe an cheallra agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, ar na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 nó ar shonraíochtaí teicniúla eile ar faoina dtreoir a ndearbhaítear comhréireacht an cheallra nó trína bhfeidhmiú a bhfíoraítear a chomhréireacht.
Airteagal 38 6.
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh aitheantas múnla agus baiscuimhir nó sraithuimhir ar na ceallraí a chuireann siad ar an margadh, nó uimhir tháirge nó gné eile lenar féidir iad a shainaithint. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an cheallra, cuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an gceallra.
Airteagal 38 7.
Luafaidh monaróirí ar an gceallra a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, a seoladh poist, lena léirítear pointe teagmhála aonair, agus, más ann dóibh, seoltaí gréasáin agus ríomhphoist. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, cuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an gceallra. Beidh na sonraí teagmhála sin i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh agus d’údaráis faireachais margaidh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar an margadh nó le cur i seirbhís, agus beidh sí soiléir, intuigthe agus soléite.
Airteagal 38 8.
Soláthróidh monaróirí rochtain ar na sonraí le haghaidh na bparaiméadar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII sa chóras bainistithe ceallra dá dtagraítear in Airteagal 14(1), i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos san Airteagal sin.
Airteagal 38 9.
Monaróirí a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís acu i gcomhréir le ceann amháin nó níos mó de na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14, déanfaidh siad an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá láithreach chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh monaróirí údarás faireachais margaidh an Bhallstáit inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach, ag tabhairt mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.
Airteagal 38 10.
Soláthróidh monaróirí, de bhun iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, don údarás sin an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an cheallra leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14 a léiriú i dteanga nó i dteangacha is éasca don údarás náisiúnta sin a thuiscint. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhformáid leictreonach agus arna iarraidh sin, i bhformáid pháipéir. Comhoibreoidh monaróirí leis an údarás náisiúnta, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht arna déanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallra a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad i seirbhís.
Airteagal 38 11.
Measfar gur monaróirí chun críocha an Rialacháin seo oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann ceallraí a ullmhú le haghaidh athúsáide, a ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó a gcuspóir a athrú, nó a athmhonarú, agus a chuireann ceallra a chuaigh faoi aon cheann de na hoibríochtaí sin ar an margadh nó i seirbhís.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.