|
+Airteagal 41 2. |
Airteagal 41 2.Roimh dóibh ceallra a chur ar an margadh, fíoróidh allmhaireoirí an méid seo a leanas:
(a)
gur tarraingíodh suas dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII agus go ndearna an monaróir an nós imeachta ábhartha measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 17;
(b)
go bhfuil an mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an gceallra agus go bhfuil sé marcáilte agus lipéadaithe i gcomhréir le hAirteagal 13;
(c)
go bhfuil na doiciméid is gá ag gabháil leis an gceallra de bhun Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14 agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar fáil ar an margadh; agus
(d)
gur chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 38(6) agus (7). I gcás ina measann allmhaireoir nó go bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an ceallra sin ar an margadh go dtí go dtabharfar an ceallra sin chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus an t-údarás faireachais margaidh ar an eolas, ag tabhairt mionsonraí faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|