+Airteagal 41 Oibleagáidí na n-allmhaireoirí
---+Airteagal 41 1.
---+Airteagal 41 2.
---+Airteagal 41 3.
---+Airteagal 41 4.
---+Airteagal 41 5.
---+Airteagal 41 6.
---+Airteagal 41 7.
---+Airteagal 41 8.
|
Airteagal 41 Oibleagáidí na n-allmhaireoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 41 1.
|
Ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach ceallra a bheidh i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14.
|
|
Airteagal 41 2.
|
Roimh dóibh ceallra a chur ar an margadh, fíoróidh allmhaireoirí an méid seo a leanas:
(a)
gur tarraingíodh suas dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII agus go ndearna an monaróir an nós imeachta ábhartha measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 17;
(b)
go bhfuil an mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an gceallra agus go bhfuil sé marcáilte agus lipéadaithe i gcomhréir le hAirteagal 13;
(c)
go bhfuil na doiciméid is gá ag gabháil leis an gceallra de bhun Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14 agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar fáil ar an margadh; agus
(d)
gur chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 38(6) agus (7).
I gcás ina measann allmhaireoir nó go bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an ceallra sin ar an margadh go dtí go dtabharfar an ceallra sin chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus an t-údarás faireachais margaidh ar an eolas, ag tabhairt mionsonraí faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.
|
|
Airteagal 41 3.
|
Léireoidh monaróirí ar an gceallra a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, a seoladh poist, lena léirítear pointe teagmhála aonair, agus, más ann dóibh, seoltaí gréasáin agus ríomhphoist. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, cuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an gceallra. Beidh sonraí teagmhála sin i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar fáil ar an margadh, agus beidh sí soiléir, intuigthe agus soléite.
|
|
Airteagal 41 4.
|
Áiritheoidh allmhaireoirí, agus ceallra ar a gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair comhlíonadh Airteagail 6 go 10 ná Airteagail 12, 13 agus 14 a chur i mbaol.
|
|
Airteagal 41 5.
|
I gcás ina meastar gurb iomchuí é maidir leis na rioscaí a bhaineann le ceallra, déanfaidh allmhaireoirí, chun sláinte an duine agus sábháilteacht tomhaltóirí a chosaint, tástáil shamplach ar cheallraí a dhéantar a mhargú, imscrúdóidh siad iad agus, más gá, coimeádfaidh siad clár gearán, maidir le ceallraí neamh-chomhlíontacha agus ceallraí a dhéantar a aisghairm, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoi fhaireachán den sórt sin.
|
|
Airteagal 41 6.
|
Allmhaireoirí a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14, déanfaidh siad an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá láithreach chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh allmhaireoirí údarás faireachais margaidh an Bhallstáit inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach, ag tabhairt mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.
|
|
Airteagal 41 7.
|
Coimeádfaidh allmhaireoirí, ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra a bheith curtha ar an margadh, cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta agus áiritheoidh siad go gcuirfear an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin.
|
|
Airteagal 41 8.
|
Soláthróidh allmhaireoirí, de bhun iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, don údarás sin an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an cheallra le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14 a léiriú i dteanga nó i dteangacha is éasca don údarás sin a thuiscint. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhformáid leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhformáid pháipéir. Comhoibreoidh allmhaireoirí leis an údarás náisiúnta, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallraí, a chuir siad ar an margadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|