+Airteagal 42 Oibleagáidí na ndáileoirí
---+Airteagal 42 1.
---+Airteagal 42 2.
---+Airteagal 42 3.
---+Airteagal 42 4.
---+Airteagal 42 5.
---+Airteagal 42 6.

Airteagal 42 Oibleagáidí na ndáileoirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 42 1.
Agus ceallra á chur ar fáil ar an margadh acu, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.
Airteagal 42 2.

Roimh dóibh ceallra a chur ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí an méid seo a leanas:

(a) 

go bhfuil an táirgeoir cláraithe ar chlár na dtáirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 55;

(b) 

go bhfuil an mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an gceallra agus go bhfuil sé marcáilte agus lipéadaithe i gcomhréir le hAirteagal 13;

(c) 

go bhfuil na doiciméid a éilítear de bhun Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14 ag gabháil leis an gceallra agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i dteanga nó i dteangacha is éasca d’úsáideoirí deiridh a thuiscint, de réir mar a chinneann an Ballstát ina bhfuil an ceallra le cur ar fáil ar an margadh nó le cur i seirbhís; agus

(d) 

gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 38(6) agus (7) agus Airteagal 41(3) faoi seach.

Airteagal 42 3.
I gcás ina measann dáileoir nó go bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 ná Airteagal 12, 13 nó 14, ní chuirfidh an dáileoir an ceallra sin ar fáil ar an margadh go dtí go dtabharfar an ceallra sin chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir ar an eolas chomh maith leis na húdaráis faireachais margaidh.
Airteagal 42 4.
Áiritheoidh dáileoirí, agus ceallra ar a gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair comhlíonadh Airteagail 6 go 10 ná Airteagail 12, 13 agus 14 a chur i mbaol.
Airteagal 42 5.
Áiritheoidh dáileoirí a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra atá curtha ar fáil ar an margadh acu i gcomhréir le hAirteagail 6 go 10 ná Airteagal 12, 13 nó 14 go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh dáileoirí údaráis faireachais margaidh an Bhallstáit inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach, ag tabhairt mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.
Airteagal 42 6.
Soláthróidh dáileoirí, de bhun iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, dó an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an cheallra le hAirteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14 a léiriú i dteanga nó i dteangacha is éasca don údarás náisiúnta sin a thuiscint. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhformáid leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhformáid pháipéir; Comhoibreoidh dáileoirí leis an údarás náisiúnta, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallraí a chuir siad ar fáil ar an margadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.