|
+Airteagal 47 Raon feidhme na Caibidle seo |
Airteagal 47 Raon feidhme na Caibidle seoAirteagal 47 Raon feidhme na Caibidle seo Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a raibh glanláimhdeachas níos lú ná EUR 40 milliún acu sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach, agus nach cuid de ghrúpa iad, ina bhfuil máthairghnóthais agus foghnóthais, a sháraíonn, ar bhonn comhdhlúite, an teorainn EUR 40 milliún. Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hoibreoirí eacnamaíocha i dtaca le ceallraí a bheith á gcur ar an margadh nó á gcur i seirbhís, ar ceallraí iad a ullmhaíodh le haghaidh athúsáide, a ullmhaíodh le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a gcuspóir nó a athmhonaraíodh, má cuireadh ceallraí den sórt sin ar an margadh nó má cuireadh i seirbhís cheana iad sula ndearnadh oibríochtaí den sórt sin orthu. Tá feidhm ag an gCaibidil seo gan dochar do na forálacha a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le hoibleagáidí díchill chuí i ndáil le mianraí agus miotail de thionscnamh limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó limistéar ardriosca. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|