+Airteagal 48 Beartais díchill chuí maidir le ceallraí
---+Airteagal 48 1.
---+Airteagal 48 2.
---+Airteagal 48 3.
---+Airteagal 48 4.
---+Airteagal 48 5.
---+Airteagal 48 6.
---+Airteagal 48 7.
---+Airteagal 48 8.

Airteagal 48 Beartais díchill chuí maidir le ceallraí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 48 1.
Ón ►M2  18 Lúnasa 2027 ◄ , comhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh nó a chuireann i seirbhís iad na hoibleagáidí díchill chuí a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, agus in Airteagail 49, 50 agus 52 agus, chuige sin, déanfaidh siad beartais díchill chuí maidir le ceallraí a chur ar bun agus a chur chun feidhme.
Airteagal 48 2.
Maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra a mbeartais díchill chuí maidir le ceallraí a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 51 (“fíorú tríú páirtí”) agus déanfaidh an comhlacht sin faoina dtugtar fógra iniúchadh orthu ar bhonn tréimhsiúil chun a áirithiú go ndéantar na beartais díchill chuí maidir le ceallraí a choinneáil ar bun agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 49, 50 agus 52. Cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tuarascáil iniúchóireachta ar fáil don oibreoir eacnamaíoch a ndéanfar iniúchadh air.
Airteagal 48 3.
Coinneoidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo doiciméadacht lena léirítear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 49, 50 agus 52 á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear an tuarascáil fíorúcháin agus an cinneadh formheasa dá dtagraítear in Airteagal 51 agus na tuarascálacha iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra deireanach a monaraíodh faoin mbeartas ábhartha díchill chuí maidir le ceallraí a bheith curtha ar an margadh.
Airteagal 48 4.
Gan dochar don fhreagracht aonair atá ar oibreoirí eacnamaíocha as a mbeartais díchill chuí maidir le ceallraí, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, chun críocha chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 48, 49, 50 agus 52, comhoibriú le gníomhaithe eile, lena n-áirítear trí scéimeanna díchill chuí a aithnítear faoin Rialachán seo.
Airteagal 48 5.
Faoin ►M2  26 Iúil 2026 ◄ , foilseoidh an Coimisiún treoirlínte a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na gceanglas díchill chuí a leagtar síos in Airteagail 49 agus 50, ag féachaint do na rioscaí dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X agus, go háirithe, i gcomhréir leis na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointí 3 agus 4 d’Iarscríbhinn X.
Airteagal 48 6.
Féadfaidh na Ballstáit, chun faisnéis agus tacaíocht a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha agus na hoibleagáidí díchill chuí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, suíomhanna gréasáin, ardáin nó tairseacha atá tiomnaithe, go leithleach nó go comhpháirteach, a chur ar bun agus a oibriú.
Airteagal 48 7.
Féadfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta na mBallstát dá dtagraítear i mír 6 a chomhlánú, trí chur le gníomhaíocht an Aontais a dhéantar cheana chun tacú le dícheall cuí san Aontas agus i dtríú tíortha, agus chun bearta nua a cheapadh, chun cabhrú le hoibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
Airteagal 48 8.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú rialta ar an ngá atá le liosta d’amhábhair agus catagóirí riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn X a nuashonrú.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

an liosta d’amhábhair i bpointe 1 d’Iarscríbhinn X agus de chatagóirí riosca i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X a leasú, i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch nó teicneolaíoch maidir le monaraíocht ceallraí agus ceimic ceallraí agus leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/821;

(b) 

an liosta d’ionstraimí idirnáisiúnta i bpointe 3 d’Iarscríbhinn X a leasú, i gcomhréir le forbairtí laistigh de na fóraim idirnáisiúnta ábhartha maidir le caighdeáin a bhaineann le beartais díchill chuí agus le cosaint an chomhshaoil agus na gceart sóisialta;

(c) 

na hoibleagáidí ar na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagtar síos in Airteagail 49 agus 50 a leasú i bhfianaise leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/821, agus an liosta d’ionstraimí díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a leagtar amach i bpointe 4 d’Iarscríbhinn X a leasú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.