+Airteagal 50 Oibleagáidí maidir le bainistiú riosca
---+Airteagal 50 1.
---+Airteagal 50 2.
---+Airteagal 50 3.
---+Airteagal 50 4.
|
Airteagal 50 Oibleagáidí maidir le bainistiú riosca
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 50 1.
|
Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) an méid seo a leanas:
(a)
aon riosca drochthionchar ina shlabhra soláthair, a bhaineann leis na catagóirí riosca a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X mar chuid dá phlean bainistithe, a shainaithint agus a mheasúnú, lena n-áirítear ar bhonn na faisnéise arna soláthar de bhun Airteagal 49 agus aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil go poiblí nó a chuireann geallsealbhóirí ar fáil, faoi threoir a bheartais díchill chuí maidir le ceallraí;
(b)
straitéis a cheapadh agus a chur chun feidhme chun freagairt ar na rioscaí a sainaithníodh, ionas gur féidir tionchair dhíobhálacha a chosc, a mhaolú agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach eile tríd an méid seo a leanas:
(i)
torthaí a mheasúnaithe riosca a thuairisciú chuig a leibhéal bainistíochta is airde arna shannadh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 49(1);
(ii)
bearta bainistithe riosca a ghlacadh atá i gcomhréir leis na hionstraimí díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta a liostaítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn X, agus a chumas chun tionchar a imirt á chur san áireamh, agus i gcás inar gá, bearta a dhéanamh chun brú a chur ar sholáthraithe, lena n-áirítear a bhfochuideachtaí agus a bhfochonraitheoirí, ar féidir leo an riosca arna shainaithint a chosc nó a mhaolú ar an mbealach is éifeachtaí;
(iii)
plean bainistithe riosca a cheapadh agus a chur chun feidhme, faireachán agus rianú a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-iarrachtaí maolaithe riosca, tuairisciú ar ais chuig a leibhéal bainistíochta is airde arna shannadh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 49(1), agus breithniú a dhéanamh ar rannpháirtíocht le soláthróir nó lena fhochuideachta nó lena fhochonraitheoir a chur ar fionraí nó a scor tar éis iarrachtaí ar chliseadh ar mhaolú, bunaithe ar chonarthaí agus comhaontuithe ábhartha dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 49(1);
(iv)
tuilleadh measúnuithe fíorais agus riosca a dhéanamh le haghaidh rioscaí nach mór a mhaolú, nó tar éis athrú ar imthosca.
|
|
Airteagal 50 2.
|
Má dhéanann oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) iarrachtaí ar mhaolú riosca agus, é ag leanúint de bheith ag trádáil nó an trádáil á cur ar fionraí go sealadach aige ag an am céanna, rachaidh sé i gcomhairle le soláthraithe agus leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, lena n-áirítear údaráis rialtais áitiúil agus náisiúnta, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí sochaí sibhialta agus tríú páirtithe a ndéantar difríocht dóibh, amhail pobail áitiúla, sula mbunófar straitéis um maolú intomhaiste riosca sa phlean bainistithe riosca dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(iii) den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 50 3.
|
Sainaithneoidh agus measúnóidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) dóchúlacht na dtionchar díobhálach sna catagóirí riosca a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn X, ina shlabhra luacha. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch sin na rioscaí ina shlabhra soláthair a shainaithint agus déanfaidh sé measúnú orthu mar chuid dá chóras bainistithe riosca féin. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch fíoruithe tríú páirtí ar a shlabhraí díchill chuí féin trí chomhlacht faoina dtugtar fógra i gcomhréir le hAirteagal 51. Féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch úsáid a bhaint as tuarascálacha fíoraithe tríú páirtí arna n-eisiúint de bhun Airteagal 51(2) ag comhlacht faoina dtugtar fógra a bhaineann le beartais díchill chuí maidir le ceallraí arna gcur chun feidhme ag soláthróirí sa slabhra sin i gcomhréir leis an gCaibidil seo. Féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch na tuarascálacha fíoraithe tríú páirtí sin a úsáid freisin chun measúnú a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, ar chleachtais díchill chuí na soláthróirí sin.
|
|
Airteagal 50 4.
|
Tuairisceoidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) torthaí an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo chuig an leibhéal bainistíochta is airde ar sannadh freagracht dó i gcomhréir le hAirteagal 49(1), pointe (c), agus cuirfidh sé an straitéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo chun feidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|