|
+Airteagal 51 1. |
Airteagal 51 1.Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra fíoruithe tríú páirtí. Maidir le fíoruithe tríú páirtí den sórt sin:
(a)
cumhdófar leis na gníomhaíochtaí, próisis agus córais uile a úsáideann oibreoirí eacnamaíocha chun a n-oibleagáidí maidir le dícheall cuí a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagail 49, 50 agus 52;
(b)
beidh mar a gcuspóir acu comhréireacht cleachtas díchill chuí oibreoirí eacnamaíocha, a chuireann ceallraí ar an margadh, a chinneadh i gcomhréir le hAirteagail 49, 50 agus 52;
(c)
i gcás inarb ábhartha, áireofar seiceálacha ar ghnóthais agus déanfar faisnéis a bhailiú ó gheallsealbhóirí;
(d)
réimsí ina bhféadfaí feabhas a dhéanamh i ndáil lena gcleachtais díchill chuí a shainaithint do na hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh;
(e)
prionsabail an neamhspleáchais, na hinniúlachta agus na cuntasachta san iniúchóireacht a urramú, mar a leagtar amach i dTreoir ECFE maidir le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|