+Airteagal 53 Aitheantas do scéimeanna díchill chuí
---+Airteagal 53 1.
---+Airteagal 53 2.
---+Airteagal 53 3.
---+Airteagal 53 4.
---+Airteagal 53 5.
---+Airteagal 53 6.
---+Airteagal 53 7.
---+Airteagal 53 8.

Airteagal 53 Aitheantas do scéimeanna díchill chuí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 53 1.
Maidir le rialtais, comhlachais thionsclaíocha, agus grúpálacha d’eagraíochtaí leasmhara a rinne forbairt agus a dhéanann maoirseacht ar scéimeanna díchill chuí (“úinéirí scéime”), féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chun aitheantas a fháil ón gCoimisiún dá scéimeanna díchill chuí. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear na ceanglais maidir le faisnéis atá le bheith san iarratas ar aitheantas a fháil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
Airteagal 53 2.
I gcás, ar bhonn na fianaise agus na faisnéise arna soláthar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ina gcinneann an Coimisiún go gcumasaíonn an scéim díchill chuí dá dtagraítear sa mhír sin oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 48, 49, 50 agus 52 a chomhlíonadh, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena dtugtar aitheantas don scéim sin mar scéim atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Sula nglacfar an gníomh cur chun feidhme sin, rachfar i mbun comhairliúchán le Lárionad ECFE le haghaidh Iompar Gnó Freagrach. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).

Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le haitheantas a thabhairt do scéim díchill chuí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cleachtais éagsúla an tionscail a chumhdaítear leis an scéim sin agus ina theannta sin beidh aird aige ar an gcur chuige agus modh rioscabhunaithe atá in úsáid ag an scéim sin chun rioscaí a shainaithint.

Airteagal 53 3.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 lena leagfar amach na critéir agus an mhodheolaíocht ar dá réir a chinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, an gcuireann scéimeanna díchill chuí ar chumas oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 48, 49, 50 agus 52 a chomhlíonadh. Fíoróidh an Coimisiún freisin ar bhonn tréimhsiúil, de réir mar is iomchuí, go leanann scéimeanna díchill chuí de bheith ag comhlíonadh na gcritéar a raibh cinneadh chun aitheantas coibhéise a thabhairt de bhun mhír 2 den Airteagal seo mar thoradh orthu.
Airteagal 53 4.
Cuirfidh úinéir scéime díchill chuí, dár tugadh aitheantas coibhéise i gcomhréir le mír 2, aon athruithe nó nuashonruithe arna ndéanamh ar an scéim sin in iúl don Choimisiún gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an ndéanann athruithe nó nuashonruithe den sórt sin difear don aitheantas coibhéise don scéim sin agus déanfaidh sé beart iomchuí.
Airteagal 53 5.
Má tá fianaise ar fáil go bhfuil cásanna ann arís agus arís eile nó go bhfuil cásanna suntasacha ann inar mhainnigh ar oibreoirí eacnamaíocha a chuireann scéim aitheanta i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo chun feidhme na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 48, 49, 50 agus 52 a chomhlíonadh, scrúdóidh an Coimisiún, i gcomhairle le húinéir na scéime aitheanta díchill chuí, cibé acu a léiríonn nó nach léiríonn na cásanna sin easnaimh sa scéim.
Airteagal 53 6.
I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún mainneachtain maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 48, 49, 50 agus 52 seo a chomhlíonadh nó easnaimh i scéim aitheanta díchill chuí, féadfaidh sé tréimhse iomchuí a thabhairt d’úinéir na scéime chun gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh.
Airteagal 53 7.
I gcás ina mainníonn úinéir na scéime na gníomhaíochtaí ceartaitheacha atá riachtanach a dhéanamh nó ina ndiúltaíonn sé iad a dhéanamh, agus i gcás ina gcinneann an Coimisiún go gcuirfeadh an mhainneachtain nó na heasnaimh dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo as do chumas an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 48(1) a chuireann an scéim chun feidhme na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 48, 49, 50 agus 52 a chomhlíonadh, nó i gcás ina bhfuil cásanna suntasacha nó cásanna ann arís agus arís eile de neamhchomhlíonadh ó oibreoirí eacnamaíocha a chuireann scéim chun feidhme bainteach le heasnaimh sa scéim, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena dtarraingítear siar an t-aitheantas coibhéise don scéim. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
Airteagal 53 8.
Bunóidh an Coimisiún clár de scéimeanna aitheanta díchill chuí agus coinneoidh sé cothrom le dáta é. Cuirfear an clár sin ar fáil go poiblí ar an idirlíon.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.