+Airteagal 55 Clár na dtáirgeoirí
---+Airteagal 55 1.
---+Airteagal 55 2.
---+Airteagal 55 3.
---+Airteagal 55 4.
---+Airteagal 55 5.
---+Airteagal 55 6.
---+Airteagal 55 7.
---+Airteagal 55 8.
---+Airteagal 55 9.
---+Airteagal 55 10.
---+Airteagal 55 11.
---+Airteagal 55 12.
---+Airteagal 55 13.
|
Airteagal 55 Clár na dtáirgeoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 55 1.
|
Bunóidh na Ballstáit clár táirgeoirí a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh go gcomhlíonann táirgeoirí ceanglais na Caibidle seo.
|
|
Airteagal 55 2.
|
Cláróidh táirgeoirí leis an gclár dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Chuige sin, tíolacfaidh siad iarratas ar chlárú i ngach Ballstát ina gcuireann siad ceallra ar fáil ar an margadh den chéad uair. Tíolacfaidh táirgeoirí an t-iarratas ar chlárú trí chóras próiseála sonraí leictreonach dá dtagraítear i mír 9, pointe (a). Ní dhéanfaidh táirgeoirí ach ceallraí a chur ar fáil, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, ar mhargadh Ballstáit, má tá siad féin nó, i gcás údaraithe, a n-ionadaithe údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora, cláraithe sa Bhallstát sin.
|
|
Airteagal 55 3.
|
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar an iarratas ar chlárú:
(a)
ainm, agus ainmneacha branda má tá siad ar fáil, faoina n-oibríonn an táirgeoir sa Bhallstát agus seoladh an táirgeora, lena n-áirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír, uimhir theileafóin, más ann di, seoladh gréasáin agus ríomhphoist, lena léirítear pointe teagmhála aonair;
(b)
cód céannachta náisiúnta an táirgeora, lena n-áirítear a uimhir ar an gclár trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus an uimhir Eorpach aitheantais cánach nó an uimhir náisiúnta aitheantais cánach;
(c)
an catagóir ceallraí nó na catagóirí ceallraí a bhfuil sé beartaithe ag an táirgeoir a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit, eadhon ceallraí inaistrithe, ceallraí tionsclaíocha, ceallraí LMT, ceallraí feithiclí leictreacha, nó ceallraí SLI, agus a gceimic;
(d)
faisnéis maidir le conas a chomhlíonann an táirgeoir a fhreagrachtaí a leagtar síos in Airteagal 56 agus na ceanglais faoi Airteagail 59, 60 agus 61, faoi seach:
(i)
le haghaidh ceallraí inaistrithe nó ceallraí LMT, comhlíonfar ceanglais phointe (d) tríd an méid seo a leanas a sholáthar:
—
faisnéis i scríbhinn maidir leis na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir chun na hoibleagáidí um fhreagracht táirgeoirí a leagtar síos in Airteagal 56 a chomhlíonadh, na bearta arna gcur i bhfeidhm chun na hoibleagáidí ar leithligh i ndáil le bailiú a leagtar síos in Airteagal 59(1) nó Airteagal 60(1) a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis an líon ceallraí a chuireann an táirgeoir ar fáil ar an margadh sa Bhallstát, agus maidir leis an gcóras chun a áirithiú go bhfuil na sonraí arna dtuairisciú do na húdaráis inniúla iontaofa;
—
i gcás inarb infheidhme, an t-ainm agus na sonraí teagmhála, lena n-áirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír, uimhir theileafóin, seoladh gréasáin agus ríomhphoist agus cód céannachta náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí arna ceapadh ag an táirgeoir chun a oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 57(1) agus (2), lena n-áirítear an uimhir chlárúcháin trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus uimhir Eorpach aitheantais cánach nó uimhir náisiúnta aitheantais cánach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, agus sainordú an táirgeora ionadaithe.
(ii)
le haghaidh ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha, comhlíonfar ceanglais phointe (d) seo tríd an méid seo a leanas a sholáthar:
—
faisnéis i scríbhinn maidir leis na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir chun na hoibleagáidí um fhreagracht táirgeoirí a leagtar síos in Airteagal 56 a chomhlíonadh, na bearta arna gcur i bhfeidhm chun na hoibleagáidí i ndáil le bailiú a leagtar síos in Airteagal 61(1) a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis an líon ceallraí a chuireann an táirgeoir ar fáil ar an margadh sa Bhallstát agus maidir leis an gcóras chun a áirithiú go bhfuil na sonraí arna dtuairisciú do na húdaráis inniúla iontaofa;
—
i gcás inarb infheidhme, an t-ainm agus na sonraí teagmhála, lena n-áirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír, uimhir theileafóin, seoladh gréasáin agus ríomhphoist agus cód céannachta náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí arna ceapadh ag an táirgeoir chun a oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 57(1) agus (2) lena n-áirítear an uimhir chlárúcháin trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus uimhir Eorpach aitheantais chánach nó uimhir náisiúnta aitheantais chánach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, agus sainordú an táirgeora ionadaithe.
(e)
ráiteas ón táirgeoir nó, i gcás inarb infheidhme, ó ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora nó ón eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a cheaptar i gcomhréir le hAirteagal 57(1) á lua go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar fíor.
|
|
Airteagal 55 4.
|
Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, déanfar an fhaisnéis a leagtar síos i bpointe (d) den mhír sin a sholáthar san iarratas ar chlárú faoi mhír 3 den Airteagal seo nó san iarratas ar údarú faoi Airteagal 58. Áireofar, ar a laghad, in iarratas den sórt sin ar údarú faisnéis maidir le comhlíonadh aonair nó comhlíonadh comhchoiteann na n-oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora.
|
|
Airteagal 55 5.
|
Féadfaidh Ballstát faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise a iarraidh, de réir mar is gá, chun clár na dtáirgeoirí a úsáid ar bhealach éifeachtúil.
|
|
Airteagal 55 6.
|
I gcás ina mbeidh eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ceaptha ag táirgeoir i gcomhréir le hAirteagal 57(1), comhlíonfaidh an eagraíocht sin na hoibleagáidí faoin Airteagal seo mutatis mutandis mura sonróidh an Ballstát a mhalairt.
|
|
Airteagal 55 7.
|
Féadfaidh ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora na hoibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann táirgeora. I gcás ina ndéanann ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora a dhéanann ionadaíocht thar ceann níos mó ná táirgeoir amháin oibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann táirgeora, de bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 3, déanfaidh an t-ionadaí údaraithe sin ainm agus sonraí teagmhála a chur ar fáil ar leithligh le haghaidh gach duine de na táirgeoirí ionadaithe.
|
|
Airteagal 55 8.
|
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gur nós imeachta aonair é an nós imeachta clárúcháin de bhun an Airteagail seo agus an nós imeachta um údarú de bhun Airteagal 48, ar choinníoll go gcomhlíonann an t-iarratas na ceanglais a leagtar síos i míreanna (3) go (7) den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 55 9.
|
Maidir leis an údarás inniúil:
(a)
cuirfidh sé faisnéis faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar a shuíomh gréasáin trí chóras leictreonach próiseála sonraí;
(b)
deonóidh sé clárúcháin agus soláthróidh sé uimhir chlárúcháin laistigh d’uastréimhse 12 sheachtain ón tráth a sholáthraítear an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi mhíreanna 2 agus 3.
|
|
Airteagal 55 10.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil an méid a leanas a dhéanamh:
(a)
rialacha mionsonraithe a leagan síos i leith cheanglais agus phróiseas an chlárúcháin gan ceanglais shubstainteacha a chur leis na cinn a leagtar síos i míreanna 2 agus 3;
(b)
táillí atá costas-bhunaithe agus comhréireach a mhuirearú ar tháirgeoirí chun na hiarratais dá dtagraítear i mír 2 a phróiseáil.
|
|
Airteagal 55 11.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil diúltú do tháirgeoir a chlárú nó clárú an táirgeora a tharraingt siar i gcás nach gcuirtear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus an fhianaise dhoiciméadach ghaolmhar ar fáil nó nach leor í, nó i gcás nach gcomhlíonann an táirgeoir a thuilleadh na ceanglais a leagtar síos i mír 3, pointe (d). Déanfaidh an t-údarás inniúil clárú an táirgeora a tharraingt siar más rud é nach ann dó a thuilleadh.
|
|
Airteagal 55 12.
|
Déanfaidh an táirgeoir, nó, i gcás inarb infheidhme, ionadaí údaraithe do fhreagracht leathnaithe táirgeora nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí arna ceapadh thar ceann na dtáirgeoirí dá ndéanann an eagraíocht ionadaíocht, an t-údarás inniúil a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis sa chlárúchán agus faoi scor buan a mhéid a bhaineann leis na ceallraí, dá dtagraítear sa chlárúchán a chur ar fáil ar an margadh i gcríoch an Bhallstáit.
|
|
Airteagal 55 13.
|
I gcás nach bhfuil rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis i gclár na dtáirgeoirí, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar rochtain, saor in aisce, ar an bhfaisnéis atá sa chlár do sholáthraithe ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|