|
+Airteagal 57 2. |
Airteagal 57 2.I gcás ina bhfuil oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an chóir chomhionann do tháirgeoirí gan beann ar a dtionscnamh nó ar a méid, gan ualach díréireach a chur ar tháirgeoirí cainníochtaí beaga ceallraí, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide. Áiritheoidh siad an méid a leanas freisin maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag táirgeoirí leo:
(a)
déantar iad a mhodhnú i gcomhréir le hAirteagal 8a(4), pointe (b), de Threoir 2008/98/CE agus de réir chatagóir an cheallra agus cheimic an cheallra ar a laghad, agus an mharthanacht agus leibhéal an ábhair athchúrsáilte i monaraíocht na gceallraí á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí, agus á chur san áireamh freisin ar ullmhaíodh na ceallraí le haghaidh athúsáide, ar ullmhaíodh iad le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a gcuspóir nó ar athmhonaraíodh iad, agus a lorg carbóin; agus
(b)
déantar iad a choigeartú chun aon ioncaim a chur san áireamh a fhaigheann na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ó ullmhú le haghaidh athúsáide nó ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó ó luach amhábhar tánaisteach arna n-aisghabháil ó cheallraí dramhaíola athchúrsáilte. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|