+Airteagal 57 Eagraíocht um Fhreagracht Táirgeoirí
---+Airteagal 57 1.
---+Airteagal 57 2.
---+Airteagal 57 3.
---+Airteagal 57 4.
---+Airteagal 57 5.
---+Airteagal 57 6.
---+Airteagal 57 7.
---+Airteagal 57 8.
|
Airteagal 57 Eagraíocht um Fhreagracht Táirgeoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 57 1.
|
Féadfaidh táirgeoirí eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí arna húdarú i gcomhréir le hAirteagal 58 a cheapadh chun na hoibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh thar a gceann. Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh le go mbeidh ceapadh na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí éigeantach. Beidh údar le bearta den sórt sin ar bhonn na saintréithe sonracha a bhaineann le catagóir ar leith ceallraí a chuirtear ar an margadh agus ar bhonn na saintréithe gaolmhara a bhaineann le bainistiú dramhaíola.
|
|
Airteagal 57 2.
|
I gcás ina bhfuil oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an chóir chomhionann do tháirgeoirí gan beann ar a dtionscnamh nó ar a méid, gan ualach díréireach a chur ar tháirgeoirí cainníochtaí beaga ceallraí, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide. Áiritheoidh siad an méid a leanas freisin maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag táirgeoirí leo:
(a)
déantar iad a mhodhnú i gcomhréir le hAirteagal 8a(4), pointe (b), de Threoir 2008/98/CE agus de réir chatagóir an cheallra agus cheimic an cheallra ar a laghad, agus an mharthanacht agus leibhéal an ábhair athchúrsáilte i monaraíocht na gceallraí á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí, agus á chur san áireamh freisin ar ullmhaíodh na ceallraí le haghaidh athúsáide, ar ullmhaíodh iad le haghaidh athrú cuspóra, ar athraíodh a gcuspóir nó ar athmhonaraíodh iad, agus a lorg carbóin; agus
(b)
déantar iad a choigeartú chun aon ioncaim a chur san áireamh a fhaigheann na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ó ullmhú le haghaidh athúsáide nó ullmhú le haghaidh athrú cuspóra nó ó luach amhábhar tánaisteach arna n-aisghabháil ó cheallraí dramhaíola athchúrsáilte.
|
|
Airteagal 57 3.
|
I gcás, i mBallstát, ina bhfuil eagraíochtaí iolracha um fhreagracht táirgeoirí údaraithe chun oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh thar ceann táirgeoirí, áiritheoidh siad go gcumhdófar críoch iomlán an Bhallstáit leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 59(1), Airteagal 60(1) agus Airteagal 61(1). Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil nó ceapfaidh siad tríú páirtí neamhspleách chun a áirithiú go gcomhlíonann eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a n-oibleagáidí ar bhealach comhordaithe.
|
|
Airteagal 57 4.
|
Áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí rúndacht na sonraí ina seilbh a mhéid a bhaineann le faisnéis dílseánaigh nó faisnéis is inchurtha go díreach i leith táirgeoirí aonair nó a n-ionadaithe údaraithe do freagracht leathnaithe táirgeora.
|
|
Airteagal 57 5.
|
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8a(3), pointe (e), de Threoir 2008/98/CE, foilseoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ar a suíomhanna gréasáin gach bliain ar a laghad, faoi réir rúndacht tráchtála agus thionsclaíoch, an fhaisnéis maidir le ráta bailithe ar leithligh ceallraí dramhaíola, éifeachtúlachtaí athchúrsála agus na leibhéil aisghabhála ábhar atá bainte amach ag na táirgeoirí a cheap an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí.
|
|
Airteagal 57 6.
|
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí faisnéis maidir leis an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh oibreoirí bainistithe dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le mír 8 ar fáil go poiblí.
|
|
Airteagal 57 7.
|
I gcás inar gá chun saobhadh an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos critéir chun mír 2, pointe (a), den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Ní bhainfidh an gníomh cur chun feidhme sin le cinneadh beacht leibhéal na ranníocaíochtaí agus glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
|
|
Airteagal 57 8.
|
Beidh na hoibreoirí bainistithe dramhaíola faoi réir nós imeachta roghnúcháin neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir thrédhearcacha dhámhachtana, arna dhéanamh ag táirgeoirí nó ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí agus nach gcuireann ualach díréireach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|