|
+Airteagal 58 2. |
Airteagal 58 2.Ní dheonófar an t-údarú ach amháin i gcás ina léirítear an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8a(3), pointí (a) go (d), de Threoir 2008/98/cé á gcomhlíonadh agus gur leordhóthanach na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhlíonadh maidir leis an líon ceallraí arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit ag an táirgeoir nó ag na táirgeoirí a ngníomhaíonn an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí thar a gceann; agus
(b)
trí fhianaise dhoiciméadach a sholáthar, go bhfuil ceanglais Airteagal 59(1) agus (2) nó ceanglais Airteagal 60(1), (2) agus (4), á gcomhlíonadh agus go bhfuil na socruithe go léir i bhfeidhm ionas gur féidir an sprioc bhailithe dá dtagraítear in Airteagal 59(3) agus in Airteagal 60(3), faoi seach, ar a laghad a bhaint amach agus a choinneáil ar bun go marthanach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|