+Airteagal 58 Comhlíonadh na freagrachta leathnaithe táirgeora a údarú
---+Airteagal 58 1.
---+Airteagal 58 2.
---+Airteagal 58 3.
---+Airteagal 58 4.
---+Airteagal 58 5.
---+Airteagal 58 6.
---+Airteagal 58 7.
|
Airteagal 58 Comhlíonadh na freagrachta leathnaithe táirgeora a údarú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 58 1.
|
Táirgeoir, i gcás ina gcomhlíontar oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair, agus eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí arna gceapadh i gcás ina gcomhlíontar oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn comhchoiteann, déanfaidh siad iarratas ar údarú ón údarás inniúil maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 58 2.
|
Ní dheonófar an t-údarú ach amháin i gcás ina léirítear an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8a(3), pointí (a) go (d), de Threoir 2008/98/cé á gcomhlíonadh agus gur leordhóthanach na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhlíonadh maidir leis an líon ceallraí arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit ag an táirgeoir nó ag na táirgeoirí a ngníomhaíonn an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí thar a gceann; agus
(b)
trí fhianaise dhoiciméadach a sholáthar, go bhfuil ceanglais Airteagal 59(1) agus (2) nó ceanglais Airteagal 60(1), (2) agus (4), á gcomhlíonadh agus go bhfuil na socruithe go léir i bhfeidhm ionas gur féidir an sprioc bhailithe dá dtagraítear in Airteagal 59(3) agus in Airteagal 60(3), faoi seach, ar a laghad a bhaint amach agus a choinneáil ar bun go marthanach.
|
|
Airteagal 58 3.
|
Déanfaidh na Ballstáit a áireamh ina mbearta lena leagtar síos rialacha riaracháin agus nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54(3), pointe (b), mionsonraí an nós imeachta údarúcháin, a fhéadfar a bheith éagsúil ag brath ar cibé an mbaineann sé le comhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann, agus na rialacha mionsonraithe chun an méid a chomhlíonann táirgeoirí nó ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a fhíorú, lena n-áirítear an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag táirgeoirí nó ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí chuige sin. Áireofar sa nós imeachta údarúcháin ceanglais maidir le fíorú na socruithe arna gcur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 59(1) agus (2) agus in Airteagal 60(1), (2) agus (4), agus amchláir don fhíorú, ar amchláir iad nach rachaidh thar 12 sheachtain ón tráth a thíolactar sainchomhad iarratais iomlán. Féadfaidh saineolaí neamhspleách an fíorú a dhéanamh, agus eiseoidh an saineolaí sin tuarascáil fíorúcháin ar thoradh an fhíoraithe.
|
|
Airteagal 58 4.
|
Tabharfaidh an táirgeoir nó na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí fógra don údarás inniúil gan moill mhíchuí maidir le haon athruithe ar an bhfaisnéis san údarú, le haon athruithe a bhaineann le téarmaí an údaraithe nó le scor buan oibríochtaí.
|
|
Airteagal 58 5.
|
Déanfar an sásra féinrialaithe dá bhforáiltear in Airteagal 8a(3), pointe (d), de Threoir 2008/98/CE go rialta, agus gach 3 bliana ar a laghad, agus arna iarraidh sin don údarás inniúil, chun a fhíorú go bhfuil na forálacha sa phointe sin á gcomhlíonadh agus go bhfuil na coinníollacha maidir le húdarú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á gcomhlíonadh i gcónaí. Déanfaidh an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, arna iarraidh sin, tuarascáil féinrialaithe agus, i gcás inar gá, an dréachtphlean gníomhaíochta ceartaithí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil. Gan dochar do na hinniúlachtaí faoi mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás inniúil barúlacha a thabhairt maidir leis an tuarascáil féinrialaithe agus maidir leis an dréachtphlean gníomhaíochta ceartaithí, agus cuirfidh sé aon bharúlacha den sórt sin in iúl don táirgeoir nó don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí. Déanfaidh an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí an plean gníomhaíochta ceartaithí a tharraingt suas agus a chur chun feidhme bunaithe ar na barúlacha sin.
|
|
Airteagal 58 6.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh an t-údarú a chúlghairm mura gcomhlíontar na spriocanna bailithe a leagtar síos in Airteagal 59(3) nó in Airteagal 60(3) nó mura gcomhlíonann an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a thuilleadh na ceanglais maidir le bailiú agus cóireáil ceallraí dramhaíola a eagrú nó má mhainníonn sé nó sí maidir le tuairisciú don údarás inniúil nó má mhainníonn sé nó sí fógra a thabhairt dó faoi aon athruithe a bhaineann le téarmaí an údaraithe, nó má scoir sé nó sí de bheith i mbun oibríochta.
|
|
Airteagal 58 7.
|
Déanfaidh táirgeoir, i gcás oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn aonair, agus eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí arna gceapadh i gcás oibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, ráthaíocht a sholáthar lena mbeartaítear na costais a chumhdach a bhaineann le hoibríochtaí bainistithe dramhaíola atá dlite don táirgeoir, nó don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora, lena n-áirítear i gcás ina scoirtear go buan dá n-oibríochtaí nó i gcás dócmhainneachta. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise a shonrú maidir le ráthaíocht den sórt sin. I gcás eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí atá á reáchtáil ag an stát, féadfar ráthaíocht den sórt sin a sholáthar ar bhealach eile seachas ag an eagraíocht féin agus féadfaidh sí a bheith i bhfoirm ciste phoiblí arna mhaoiniú ag táillí táirgeoirí agus a bhfuil an Ballstát atá ag reáchtáil na heagraíochta faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach ina leith.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|