|
+Airteagal 60 2. |
Airteagal 60 2.Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, an méid seo a leanas i gcás chóras aisghlactha agus bailithe na gceallraí LMT dramhaíola:
(a)
gur pointí bailithe atá ann a chuireann siad ar bun i gcomhar le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
(i)
dáileoirí i gcomhréir le hAirteagal 62;
(ii)
saoráidí cóireála feithiclí a bhfuil a ré caite faoi réir Threoir 2000/53/CE;
(iii)
údaráis phoiblí, nó tríú páirtithe a dhéanann gníomhaíochtaí bainistíochta dramhaíola thar a gceann, i gcomhréir le hAirteagal 66;
(iv)
pointí bailithe deonacha i gcomhréir le hAirteagal 67;
(v)
saoráidí cóireála dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh faoi réir Threoir 2012/19/AE; agus
(b)
cumhdaítear leis críoch iomlán an Bhallstáit, agus méid agus dlús an daonra, líon ionchasach na gceallraí LMT dramhaíola, inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh á gcur san áireamh, gan a bheith teoranta do limistéir inar brabúsach ceallraí LMT dramhaíola a bhailiú agus a bhainistiú ina dhiaidh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|