+Airteagal 60 Ceallraí LMT dramhaíola a bhailiú
---+Airteagal 60 1.
---+Airteagal 60 2.
---+Airteagal 60 3.
---+Airteagal 60 4.
---+Airteagal 60 5.
---+Airteagal 60 6.
---+Airteagal 60 7.
---+Airteagal 60 8.

Airteagal 60 Ceallraí LMT dramhaíola a bhailiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 60 1.

Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, go ndéantar na ceallraí LMT dramhaíola uile, gan beann ar a gcineál, ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, ar an mbail atá orthu, ar a mbranda nó a dtionscnamh, a bhailiú ar leithligh ar chríoch Bhallstáit i gcás ina gcuireann siad ceallraí ar fáil ar an margadh den chéad uair. Chun na críche sin, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a) 

córas bailithe agus aisghlactha le haghaidh ceallraí LMT dramhaíola a bhunú;

(b) 

bailiú ceallraí LMT dramhaíola a thairiscint, saor in aisce, do na heintitis dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus foráil a dhéanamh maidir le ceallraí LMT dramhaíola ó gach eintiteas a bhain úsáid as an tairiscint sin a bhailiú (“pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí LMT”);

(c) 

foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe praiticiúla is gá maidir le bailiú agus iompar ceallraí LMT dramhaíola, lena n-áirítear coimeádáin bhailithe oiriúnacha agus coimeádáin iompair oiriúnacha a chomhlíonann ceanglais Threoir 2008/68/CE a sholáthar, saor in aisce, do na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí LMT;

(d) 

na ceallraí LMT dramhaíola arna mbailiú ag na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí LMT a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach leis an limistéar atá i gceist agus le líon agus cineál guaiseach na gceallraí LMT dramhaíola a bhailítear ag na pointí bailithe sin de ghnáth;

(e) 

na ceallraí LMT dramhaíola a bhaintear as dramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhailiú, saor in aisce, a mhinice is comhréireach le toirt agus cineál guaiseach na gceallraí LMT dramhaíola;

(f) 

a áirithiú go ndéanann oibreoir bainistithe dramhaíola na ceallraí LMT dramhaíola arna mbailiú ó na pointí bailithe cleamhnaithe le haghaidh ceallraí LMT agus a bhaintear de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a chóireáil ina dhiaidh sin i saoráid cheadaithe i gcomhréir le hAirteagal 70.

Airteagal 60 2.

Áiritheoidh táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, an méid seo a leanas i gcás chóras aisghlactha agus bailithe na gceallraí LMT dramhaíola:

(a) 

gur pointí bailithe atá ann a chuireann siad ar bun i gcomhar le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(i) 

dáileoirí i gcomhréir le hAirteagal 62;

(ii) 

saoráidí cóireála feithiclí a bhfuil a ré caite faoi réir Threoir 2000/53/CE;

(iii) 

údaráis phoiblí, nó tríú páirtithe a dhéanann gníomhaíochtaí bainistíochta dramhaíola thar a gceann, i gcomhréir le hAirteagal 66;

(iv) 

pointí bailithe deonacha i gcomhréir le hAirteagal 67;

(v) 

saoráidí cóireála dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh faoi réir Threoir 2012/19/AE; agus

(b) 

cumhdaítear leis críoch iomlán an Bhallstáit, agus méid agus dlús an daonra, líon ionchasach na gceallraí LMT dramhaíola, inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh á gcur san áireamh, gan a bheith teoranta do limistéir inar brabúsach ceallraí LMT dramhaíola a bhailiú agus a bhainistiú ina dhiaidh.

Airteagal 60 3.

Táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, déanfaidh siad na spriocanna bailithe seo a leanas, ar a laghad, le haghaidh ceallraí LMT dramhaíola a bhaint amach agus a choinneáil ar bun go marthanach:

(a) 

51 % faoin 31 Nollaig 2028;

(b) 

61 % faoin 31 Nollaig 2031.

Ríomhfaidh táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an ráta bailithe dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le hIarscríbhinn XI.

Airteagal 60 4.

Déanfaidh táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an méid seo a leanas:

(a) 

bonneagar bailithe oiriúnach a chur ar bun do na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), chun ceallraí LMT dramhaíola a chomhlíonann na ceanglais sábháilteachta is infheidhme a bhailiú ar leithligh agus na costais is gá arna dtabhú ag na pointí bailithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí tógála ar ais a chumhdach; beidh na coimeádáin chun ceallraí dramhaíola den sórt sin a bhailiú agus a stóráil go sealadach ag na pointí bailithe oiriúnach i bhfianaise líon agus cineál guaiseach na gceallraí LMT dramhaíola ar dócha a bhaileofar trí na pointí bailithe sin;

(b) 

ceallraí LMT dramhaíola a bhailiú ó na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), a mhinice is comhréireach le hacmhainneacht stórála an bhonneagair bailithe ar leithligh agus le líon agus cineál guaiseach na gceallraí dramhaíola a bhailítear trí na pointí bailithe sin de ghnáth; agus

(c) 

foráil a dhéanamh maidir le seachadadh ceallraí LMT dramhaíola arna mbailiú ó na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo chuig saoráidí ceadaithe lena gcóireáil i gcomhréir le hAirteagail 70 agus 73.

Airteagal 60 5.
Beidh úsáideoirí deiridh in ann ceallraí LMT dramhaíola a dhiúscairt ag pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), agus ní ghearrfar muirear orthu ná ní chuirfear d’oibleagáid orthu ceallra nua a cheannach ná an ceallra LMT a bheith ceannaithe acu ó na táirgeoirí a chuir na pointí bailithe ar bun.
Airteagal 60 6.
Ní bheidh pointí bailithe arna gcur ar bun i gcomhréir le mír 2 pointí (a)(i), (iii) agus (iv) faoi réir na gceanglas maidir le clárúchán nó cead i dTreoir 2008/98/CE.
Airteagal 60 7.
Féadfaidh Ballstáit bearta a ghlacadh lena gceanglaítear nach bhféadfar ceallraí LMT dramhaíola a bhailiú ag na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo ach amháin má tá conradh tugtha i gcrích acu leis na táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí.
Airteagal 60 8.
I bhfianaise na forbartha a mheastar a bheidh ar an margadh agus an mhéadaithe ar shaolré ionchasach ceallraí LMT, agus chun líon iarbhír na gceallraí LMT dramhaíola atá ar fáil lena mbailiú a chinntiú ar bhealach níos fearr, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, faoi 18 Lúnasa 2027, i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an mhodheolaíocht a leasú chun ráta bailithe ceallraí LMT dramhaíola a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ríomh agus chun an sprioc bhailithe a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo a leasú chun an sprioc bhailithe a oiriúnú don mhodheolaíocht nua agus an uaillmhian choibhéiseach agus na hamlínte coibhéiseacha á gcoinneáil ar bun.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.