|
+Airteagal 62 6. |
Airteagal 62 6.Chun críocha Airteagal 30(1), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, gheobhaidh soláthraithe ardán ar líne, a thagann faoi raon feidhme Roinn 4 de Chaibidil III den Rialachán sin, a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí, an fhaisnéis seo a leanas ó tháirgeoirí a thairgeann ceallraí, lena n-áirítear ceallraí atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas:
(a)
mionsonraí a bhaineann le clár na dtáirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 55 agus uimhir chlárúcháin nó uimhreacha clárúcháin an táirgeora sa chlár sin;
(b)
féindeimhniúchán arna dhéanamh ag an táirgeoir nach dtairgfidh sé ach ceallraí, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, ar ina leith a chomhlíontar na ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora dá dtagraítear in Airteagal 56(1), (2), (3) agus (4), Airteagal 57(1) agus Airteagal 58(1), (2) agus (7). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|