+Airteagal 62 Oibleagáidí na ndáileoirí
---+Airteagal 62 1.
---+Airteagal 62 2.
---+Airteagal 62 3.
---+Airteagal 62 4.
---+Airteagal 62 5.
---+Airteagal 62 6.
|
Airteagal 62 Oibleagáidí na ndáileoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 62 1.
|
Tógfaidh dáileoirí ceallraí dramhaíola ar ais ón úsáideoir deiridh saor in aisce agus gan oibleagáid a fhorchur ar an úsáideoir deiridh ceallra nua a cheannach nó a bheith ceannaithe aige, gan beann ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, a mbranda nó a dtionscnamh mar seo a leanas:
(a)
i gcás ceallraí inaistrithe dramhaíola ag asraon miondíola an dáileora nó i gcóngaracht láithreach an asraoin sin;
(b)
i gcás ceallraí LMT dramhaíola, ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola, ag asraon miondíola an dáileora nó gar don asraon sin.
|
|
Airteagal 62 2.
|
Maidir leis an oibleagáid i ndáil le tógáil ar ais a leagtar síos i mír 1:
(a)
ní bheidh feidhm aici maidir le dramhtháirgí ina bhfuil ceallraí;
(b)
beidh sí teoranta do na catagóirí ceallraí dramhaíola atá, nó a bhí, á dtairiscint mar cheallraí ag an dáileoir agus, le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola, don líon a dhiúscraíonn úsáideoirí deiridh neamhghairmiúla de ghnáth.
|
|
Airteagal 62 3.
|
Déanfaidh dáileoirí ceallraí dramhaíola atá aisghlactha acu a thabhairt ar láimh do na táirgeoirí nó do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí atá freagrach as na ceallraí dramhaíola sin a bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 59, 60 agus 61 faoi seach, nó chuig oibreoir bainistithe dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 57(8) d’fhonn iad a chóireáil i gcomhréir le hAirteagal 70.
|
|
Airteagal 62 4.
|
Beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí faoin Airteagal seo maidir le dáileoirí a sholáthraíonn ceallraí trí bhíthin cianchonarthaí d’úsáideoirí deiridh. Déanfaidh na dáileoirí sin foráil maidir le líon leordhóthanach pointí bailithe lena gcumhdófar críoch iomlán Bhallstáit, agus méid agus dlús an daonra, líon ionchasach ceallraí inaistrithe dramhaíola, ceallraí LMT dramhaíola, ceallraí SLI dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola, faoi seach, agus inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh á gcur san áireamh, lena gceadaítear d’úsáideoirí deiridh ceallraí a thabhairt ar ais.
|
|
Airteagal 62 5.
|
I gcás díolacháin lena gcuirtear seachadadh ar fáil, táirgfidh dáileoirí ceallraí inaistrithe dramhaíola, ceallraí LMT dramhaíola, ceallraí tionsclaíocha dramhaíola, ceallraí SLI dramhaíola agus ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola a ghlacadh ar ais saor in aisce ag pointe a seachadta don úsáideoir deiridh nó ag pointe bailithe áitiúil. Cuirfear an t-úsáideoir deiridh ar an eolas agus ceallra á ordú aige maidir leis na socruithe aisghlactha le haghaidh ceallra dramhaíola.
|
|
Airteagal 62 6.
|
Chun críocha Airteagal 30(1), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, gheobhaidh soláthraithe ardán ar líne, a thagann faoi raon feidhme Roinn 4 de Chaibidil III den Rialachán sin, a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí, an fhaisnéis seo a leanas ó tháirgeoirí a thairgeann ceallraí, lena n-áirítear ceallraí atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas:
(a)
mionsonraí a bhaineann le clár na dtáirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 55 agus uimhir chlárúcháin nó uimhreacha clárúcháin an táirgeora sa chlár sin;
(b)
féindeimhniúchán arna dhéanamh ag an táirgeoir nach dtairgfidh sé ach ceallraí, lena n-áirítear na ceallraí sin atá ionchorpraithe i bhfearais, i modhanna éadroma iompair nó i bhfeithiclí eile, ar ina leith a chomhlíontar na ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora dá dtagraítear in Airteagal 56(1), (2), (3) agus (4), Airteagal 57(1) agus Airteagal 58(1), (2) agus (7).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|