+Airteagal 69 Oibleagáidí ar na Ballstáit maidir le spriocanna bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola
---+Airteagal 69 1.
---+Airteagal 69 2.
---+Airteagal 69 3.
---+Airteagal 69 4.
---+Airteagal 69 5.
|
Airteagal 69 Oibleagáidí ar na Ballstáit maidir le spriocanna bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 69 1.
|
Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun go mbainfidh táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí na spriocanna bailithe a leagtar síos in Airteagal 59(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), i dtaca le ceallraí inaistrithe dramhaíola, agus a leagtar síos in Airteagal 60(3), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), i dtaca le ceallraí LMT dramhaíola.
|
|
Airteagal 69 2.
|
Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit go rialta, ar a laghad uair sa bhliain, faireachán ar rátaí bailithe táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, le fíorú go bhfuil beartais leordhóthanacha glactha acu chun na spriocanna bailithe a leagtar síos in Airteagal 59(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), i dtaca le ceallraí inaistrithe dramhaíola, agus a leagtar síos in Airteagal 60(3), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), i dtaca le ceallraí LMT dramhaíola a bhaint amach. Bunófar faireachán den sórt sin go háirithe ar an bhfaisnéis a tuairiscítear do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 75 agus áireofar ann fíorú na faisnéise sin, agus fíorú i dtaobh ar chomhlíon an táirgeoir an mhodheolaíocht ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn XI agus torthaí an tsuirbhé ilchodaigh dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo agus aon fhaisnéis eile atá ar fáil don Bhallstát.
|
|
Airteagal 69 3.
|
I gcás ina gcinneann Ballstát, ar bhonn an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nach ndearna táirgeoir nó, i gcás inar ceapadh í i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí bearta atá comhsheasmhach le baint amach na spriocanna bailithe a leagtar síos in Airteagal 59(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c) i dtaca le ceallraí inaistrithe dramhaíola, nó a leagtar síos in Airteagal 60(3), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b) i dtaca le ceallraí LMT dramhaíola, iarrfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin ar an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí sin gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir leis na spriocanna bailithe a leagtar síos i gceachtar de na hAirteagail sin, de réir mar is infheidhme, a bhaint amach.
|
|
Airteagal 69 4.
|
Gan dochar don sásra féinrialaithe dá dtagraítear in Airteagal 58(5), déanfaidh an táirgeoir nó, i gcás ina gceaptar í i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, dréachtphlean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don údarás inniúil laistigh de 3 mhí ón iarraidh ón údarás inniúil dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an t-údarás inniúil sin barúlacha a thabhairt maidir leis an dréachtphlean, agus déanfaidh sé aon bharúlacha den sórt sin a chur in iúl don táirgeoir nó don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí laistigh de mhí amháin ón dréachtphlean gníomhaíochta ceartaithí a fháil. I gcás ina gcuireann an t-údarás inniúil a bharúlacha maidir leis an dréachtphlean gníomhaíochta ceartaithí in iúl, déanfaidh an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, laistigh d’aon mhí amháin tar éis dó na barúlacha sin a fháil, an plean gníomhaíochta ceartaithí a tharraingt suas, agus na barúlacha sin á gcur san áireamh, agus cuirfidh sé chun feidhme é dá réir. Déanfar inneachar an phlean gníomhaíochta ceartaithí agus comhlíonadh an phlean sin ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a chur san áireamh agus meastóireacht á déanamh i dtaobh an bhfuil na coinníollacha maidir leis an gclárú a leagtar síos in Airteagal 55 agus, i gcás inarb infheidhme, leis an údarú a leagtar síos in Airteagal 58 á gcomhlíonadh.
|
|
Airteagal 69 5.
|
Faoin 1 Eanáir 2026 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit suirbhé ilchodach ar dhramhaíl mheasctha chathrach arna bailiú agus ar shruthanna dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh don bhliain féilire roimhe sin chun cion na gceallraí inaistrithe dramhaíola agus na gceallraí LMT dramhaíola inti agus iontu sin a fháil amach. Ar bhonn na suirbhéanna sin, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go ndéanfaidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe, táirgeoirí ceallraí LMT nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí faoi seach gníomhaíocht cheartaitheach chun líonra a bpointí bailithe cleamhnaithe a mhéadú agus feachtais faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 74(1) a chur i gcrích.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|