|
+Airteagal 78 Dearadh teicniúil agus oibriú an phas ceallra |
Airteagal 78 Dearadh teicniúil agus oibriú an phas ceallraAirteagal 78 Dearadh teicniúil agus oibriú an phas ceallra Le dearadh teicniúil agus oibriú an phas ceallra, comhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha seo a leanas:
(a)
beidh an pas ceallra go hiomlán idir-inoibritheach le pasanna digiteacha táirgí eile a cheanglaítear le dlí an Aontais maidir le héicidhearthóireacht, i ndáil le gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla na cumarsáide ó cheann go ceann agus an aistrithe sonraí;
(b)
beidh rochtain saor in aisce ag na tomhaltóirí, na hoibreoirí eacnamaíocha agus na gníomhaithe ábhartha eile ar an bpas ceallra agus beidh an rochtain sin bunaithe ar a gcearta rochtana faoi seach a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII agus sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 77(9);
(c)
déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Airteagal 77(4) nó (7), nó na hoibreoirí atá údaraithe chun gníomhú thar a cheann, na sonraí a áirítear sa phas ceallra a stóráil;
(d)
má dhéanann oibreoirí atá údaraithe chun gníomhú thar ceann an oibreora eacnamaíoch atá freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Airteagal 77(4) nó (7) na sonraí a áirítear sa phas ceallra a stóráil, nó a phróiseáil ar bhealach eile, ní cheadófar do na hoibreoirí sin sonraí den sórt sin a dhíol, a athúsáid ná a phróiseáil, ina n-iomláine nó i bpáirt, thar a bhfuil riachtanach chun na seirbhísí stórála nó próiseála ábhartha a sholáthar;
(e)
beidh an pas ceallra fós ar fáil nuair a scoirfidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Airteagal 77(4) nó (7) de bheith ann nó nuair a scoirfidh sé dá ghníomhaíocht san Aontas;
(f)
beidh srian ar na cearta chun faisnéis a rochtain, a thabhairt isteach, a mhodhnú nó a thabhairt cothrom le dáta sa phas ceallra bunaithe ar na cearta rochtana a shonraítear in Iarscríbhinn XIII agus sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 77(9);
(g)
áiritheofar fíordheimhniú, iontaofacht agus sláine sonraí;
(h)
beidh an pas ceallra de chineál go n-áirithítear ardleibhéal slándála agus príobháideachais agus go seachnaítear calaois. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|