+Airteagal 80 Nós imeachta coimirce an Aontais
---+Airteagal 80 1.
---+Airteagal 80 2.
---+Airteagal 80 3.
---+Airteagal 80 4.
|
Airteagal 80 Nós imeachta coimirce an Aontais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 80 1.
|
I gcás, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 79(4), (6) agus (7), a chur i gcrích, ina ndéantar agóidí in aghaidh beart arna dhéanamh ag na húdaráis faireachais margaidh, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha le dlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Féachfaidh an Coimisiún leis an meastóireacht sin a thabhairt chun críche laistigh d’aon mhí amháin. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinntear cé acu atá údar leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
|
|
Airteagal 80 2.
|
Is chuig na Ballstáit uile a dhíreoidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, agus cuirfidh sé é in iúl dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach. Má mheastar go bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, glacfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá lena áirithiú go dtarraingítear an ceallra neamhchomhlíontach siar óna margadh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, tarraingeoidh an Ballstát lena mbaineann siar an beart sin.
|
|
Airteagal 80 3.
|
I gcás ina meastar údar a bheith leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an cheallra i leith easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 80 4.
|
I gcás ina meastar údar a bheith leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an cheallra i leith easnaimh sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill, gníomh cur chun feidhme lena leasaítear nó lena n-aisghairtear na sonraíochtaí comhchoiteanna lena mbaineann. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|