+Airteagal 81 Ceallraí comhlíontacha lena mbaineann riosca
---+Airteagal 81 1.
---+Airteagal 81 2.
---+Airteagal 81 3.
---+Airteagal 81 4.
---+Airteagal 81 5.
---+Airteagal 81 6.

Airteagal 81 Ceallraí comhlíontacha lena mbaineann riosca

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 81 1.
I gcás, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 79(1), ina bhfaigheann Ballstát amach, cé go bhfuil ceallra ag comhlíonadh Airteagail 6 go 10 agus Airteagail 12, 13 agus 14, go mbaineann riosca leis do shláinte an duine nó do shábháilteacht daoine, do chosaint maoine nó don chomhshaol (“ceallraí comhlíontacha lena mbaineann riosca”), cuirfidh sé de cheangal, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a ghlacadh, laistigh de thréimhse réasúnta arna forordú ag na húdaráis faireachais margaidh agus ar cóimhéid le cineál an riosca, chun a áirithiú nach mbainfidh an riosca sin leis an gceallra comhlíontach lena mbaineann riosca níos mó, nuair a chuirtear ar fáil ar an margadh é, chun an ceallra sin a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghairm.
Airteagal 81 2.
Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go nglacfar gníomhaíocht cheartaitheach i ndáil leis na ceallraí comhlíontacha uile lena mbaineann riosca a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.
Airteagal 81 3.
Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach i gcás ina dtarlaíonn an méid dá dtagraítear i mír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun a shainaithint na ceallraí comhlíontacha lena mbaineann riosca, tionscnamh agus slabhra soláthair ceallraí den sórt sin, an cineál riosca a bhaineann leis agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.
Airteagal 81 4.
Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinntear cé acu atá údar leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil, agus lena molfar, más gá, bearta ceartaitheacha iomchuí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
Airteagal 81 5.
Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar iomchuí leo a bhaineann le sláinte an duine agus sábháilteacht daoine a chosaint, agus le cosaint maoine agus an chomhshaoil, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 90(4).
Airteagal 81 6.
Is chuig na Ballstáit uile a dhíreoidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 agus cuirfidh sé é in iúl dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.