+Airteagal 86 Nós imeachta srianta ar shubstaintí
---+Airteagal 86 1.
---+Airteagal 86 2.
---+Airteagal 86 3.
---+Airteagal 86 4.
---+Airteagal 86 5.
---+Airteagal 86 6.
---+Airteagal 86 7.
---+Airteagal 86 8.
---+Airteagal 86 9.
---+Airteagal 86 10.
---+Airteagal 86 11.
|
Airteagal 86 Nós imeachta srianta ar shubstaintí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 86 1.
|
Má mheasann an Coimisiún go mbaineann riosca le húsáid substainte i monarú ceallraí, nó le substaint a bheith sna ceallraí nuair a chuirtear ar an margadh iad, nó le linn chéimeanna a saolré ina dhiaidh sin, lena n-áirítear tráth a athraítear a gcuspóir nó le linn cóireáil ceallraí dramhaíola, do shláinte an duine nó don chomhshaol nach bhfuil rialaithe go leordhóthanach agus nach mór aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais, iarrfaidh sé ar an nGníomhaireacht sainchomhad maidir le srianta a ullmhú, a chomhlíonann na ceanglais in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Beidh measúnú socheacnamaíoch sa sainchomhad maidir le srianta, lena n-áirítear anailís ar roghanna malartacha.
|
|
Airteagal 86 2.
|
Laistigh de 12 mhí ón iarraidh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil agus má léirítear sa sainchomhad maidir le srianta arna ullmhú ag an nGníomhaireacht de bhun na míre sin go bhfuil gá le gníomhaíocht ar bhonn uile-Aontais, de bhreis ar aon bhearta atá i bhfeidhm cheana féin, molfaidh an Ghníomhaireacht srianta chun an próiseas a thuairiscítear i míreanna 4 go 9 den Airteagal seo agus in Airteagail 87 agus 88 a thionscnamh.
|
|
Airteagal 86 3.
|
Má mheasann Ballstát go mbaineann riosca le húsáid substainte i monarú ceallraí, nó le substaint atá sna ceallraí nuair a chuirtear ar an margadh iad, nó le linn chéimeanna a saolré ina dhiaidh sin, lena n-áirítear tráth a athraítear cuspóir ceallraí dramhaíola nó le linn cóireáil ceallraí dramhaíola, do shláinte an duine nó don chomhshaol nach bhfuil rialaithe go leordhóthanach agus nach mór aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais, tabharfaidh sé fógra don Ghníomhaireacht go bhfuil sé beartaithe aige sainchomhad maidir le srianta a ullmhú. Ullmhóidh an Ballstát sainchomhad maidir le srianta. Beidh measúnú socheacnamaíoch sa sainchomhad maidir le srianta, lena n-áirítear anailís ar roghanna malartacha. Má léirítear sa sainchomhad maidir le srianta go bhfuil gá le gníomhaíocht ar bhonn uile-Aontais, de bhreis ar aon bhearta atá i bhfeidhm cheana féin, cuirfidh an Ballstát an sainchomhad faoi bhráid na Gníomhaireachta san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, chun an próiseas a thuairiscítear i míreanna 4 go 9 den Airteagal seo, agus in Airteagail 87 agus 88 a thionscnamh.
|
|
Airteagal 86 4.
|
Chun críocha an tsainchomhaid maidir le srianta agus an phróisis srianta, cuirfidh an Ghníomhaireacht nó na Ballstáit san áireamh aon sainchomhad, aon tuarascáil ar shábháilteacht cheimiceach nó aon mheasúnú riosca a chuirtear faoi bhráid na Gníomhaireachta nó Ballstáit faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Cuirfidh an Ghníomhaireacht nó na Ballstáit aon fhaisnéis atá ar fáil san áireamh freisin agus déanfaidh siad tagairt d’aon mheasúnú riosca ábhartha a cuireadh isteach chun críocha dlí eile de chuid an Aontais a chumhdaíonn saolré na substainte a úsáidtear sa cheallra, lena n-áirítear an chéim dramhaíola. Chuige sin, déanfaidh comhlachtaí eile arna mbunú faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil cúram comhchosúil á chur i gcrích acu faisnéis a chur ar fáil don Ghníomhaireacht nó don Bhallstát lena mbaineann arna iarraidh sin dóibh.
|
|
Airteagal 86 5.
|
Beidh rochtain ar fhaisnéis atá i seilbh na Gníomhaireachta nuair a bheidh na cúraimí a shainítear in Airteagal 6 den Rialachán seo agus san Airteagal seo á gcomhlíonadh faoi réir Airteagal 118 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
|
|
Airteagal 86 6.
|
Coinneoidh an Ghníomhaireacht liosta ar bun de na substaintí a bhfuil sainchomhad maidir le srianta faoin Airteagal seo á bheartú nó idir lámha ag an nGníomhaireacht nó ag Ballstát.
|
|
Airteagal 86 7.
|
Seiceálfaidh an Coiste um Measúnú Riosca, arna chur ar bun de bhun Airteagal 76(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch, arna chur ar bun de bhun Airteagal 76(1)(d) den Rialachán sin, cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar leis an sainchomhad maidir le srianta arna chur isteach ceanglais Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán sin. Laistigh de 30 lá tar éis dó an sainchomhad a fháil, cuirfidh an Coiste faoi seach in iúl don Ghníomhaireacht nó don Bhallstát a bhfuil na srianta á moladh aige cé acu a chomhlíontar na ceanglais leis an sainchomhad nó nach gcomhlíontar. Mura mbeidh na ceanglais á gcomhlíonadh leis an sainchomhad, tabharfar na cúiseanna ina leith don Ghníomhaireacht nó don Bhallstát i scríbhinn laistigh de 45 lá ón sainchomhad a fháil. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht nó an Ballstát an sainchomhad chun comhréireachta laistigh de 60 lá ón dáta a fhaightear na cúiseanna ón gCoiste faoi seach, mura ndéantar sin, déanfar an nós imeachta faoin Airteagal seo a fhoirceannadh.
|
|
Airteagal 86 8.
|
Foilseoidh an Ghníomhaireacht gan mhoill go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún nó ag Ballstát an próiseas srianta a thionscnamh maidir le substaint, faoin Airteagal seo, agus cuirfidh sí na geallsealbhóirí lena mbaineann ar an eolas.
|
|
Airteagal 86 9.
|
Cuirfidh an Ghníomhaireacht an sainchomhad maidir le srianta ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, lena n-áirítear na srianta a mholtar de bhun mhíreanna 2 agus 3, gan mhoill, lena léirítear go soiléir an dáta a foilsíodh é. Iarrfaidh an Ghníomhaireacht ar na geallsealbhóirí uile lena mbaineann an méid seo a leanas a thíolacadh go haonair nó i gcomhpháirt, laistigh de 4 mhí ón dáta foilsithe:
(a)
barúlacha i dtaca leis an sainchomhad maidir le srianta agus i dtaca leis na srianta atá molta;
(b)
anailís shocheacnamaíoch ar na srianta atá molta, lena n-áirítear anailís ar roghanna malartacha, nó faisnéis ar féidir léi cur le hanailís den sórt sin, ag féachaint go grinn ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis na srianta atá molta. Beidh an anailís sin i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
|
|
Airteagal 86 10.
|
Glacfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) laistigh de 9 mí tar éis tuairim a fháil ó Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 87(2). Mura nglacfaidh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch tuairim faoin sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 87(2) nó (5), de réir mar is infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tionchar socheacnamaíoch an tsriain, lena n-áirítear roghanna malartacha ar an tsubstaint a bheith ar fáil agus glacfaidh sé gníomh tarmligthe faoin sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 87(2).
|
|
Airteagal 86 11.
|
I gcás ina n-imíonn an dréachtleasú ar Iarscríbhinn I ó thogra bunaidh an tsainchomhaid maidir le srianta, arna ullmhú de bhun an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo agus in Airteagail 87 agus 88, nó i gcás nach gcuirtear tuairimí na Gníomhaireachta san áireamh leis sin, cuirfidh an Coimisiún, ag gabháil leis, míniúchán mionsonraithe ar na cúiseanna atá leis na difríochtaí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|