+Airteagal 87 Tuairim ó Choistí na Gníomhaireachta
---+Airteagal 87 1.
---+Airteagal 87 2.
---+Airteagal 87 3.
---+Airteagal 87 4.
---+Airteagal 87 5.
---+Airteagal 87 6.
|
Airteagal 87 Tuairim ó Choistí na Gníomhaireachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 87 1.
|
Laistigh de 12 mhí ón dáta foilsithe dá dtagraítear in Airteagal 86(9), glacfaidh an Coiste um Measúnú Riosca tuairim maidir le cé atá nó nach bhfuil na srianta atá molta iomchuí ó thaobh an riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol a laghdú, bunaithe ar a mhachnamh ar na codanna ábhartha den sainchomhad maidir le srianta. Cuirfear an sainchomhad maidir le srianta arna ullmhú ag an nGníomhaireacht ar iarraidh ón gCoimisiún nó ón mBallstát san áireamh sa tuairim sin, chomh maith le tuairimí na bpáirtithe leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 86(9), pointe (a).
|
|
Airteagal 87 2.
|
Laistigh de 15 mhí ón dáta foilsithe dá dtagraítear in Airteagal 86(9), glacfaidh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch tuairim maidir leis na srianta atá molta, bunaithe ar a mhachnamh ar na codanna ábhartha den sainchomhad maidir le srianta agus ar an tionchar socheacnamaíoch. Ullmhóidh sé dréacht-tuairim, roimhe sin, maidir leis na srianta atá molta agus maidir leis an tionchar gaolmhar socheacnamaíoch, agus cuirfear na hanailísí nó an fhaisnéis de réir Airteagal 86(9), pointe (b), san áireamh, más ann dóibh.
|
|
Airteagal 87 3.
|
Foilseoidh an Ghníomhaireacht an dréacht-tuairim ón gCoiste um Anailís Shocheacnamaíoch ar a suíomh gréasáin gan mhoill agus iarrfaidh sí ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a sholáthar maidir leis an dréacht-tuairim tráth nach déanaí ná 60 lá ó fhoilsiú na dréacht-tuairime sin.
|
|
Airteagal 87 4.
|
Glacfaidh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch a thuairim gan mhoill, agus cuirfear san áireamh, i gcás inarb iomchuí, barúlacha breise arna bhfáil faoin sprioc-am a leagfar síos i mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear san áireamh sa tuairim sin barúlacha ó na páirtithe leasmhara a tíolacadh faoi Airteagal 86(9), pointe (b) agus mír 3 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 87 5.
|
I gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir tuairim an Choiste um Measúnú Riosca agus na srianta a moladh sa sainchomhad maidir le srianta, cuirfidh an Ghníomhaireacht an sprioc-am do thuairim an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch ar athló ar feadh 90 lá ar a mhéad.
|
|
Airteagal 87 6.
|
I gcás ina soláthraíonn an Coiste um Measúnú Riosca agus an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch tuairim de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, bainfidh siad leas as rapóirtéirí faoi Airteagal 87 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear ann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|