+Airteagal 94 Athbhreithniú
---+Airteagal 94 1.
---+Airteagal 94 2.
---+Airteagal 94 3.
---+Airteagal 94 4.
---+Airteagal 94 5.
---+Airteagal 94 6.
|
Airteagal 94 Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 94 1.
|
Faoin 30 Meitheamh 2031, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an tionchar atá aige ar an gcomhshaol, ar shláinte an duine agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, déanfaidh sé tuarascáil ar an méid sin a tharraingt suas agus déanfaidh sé í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
|
|
Airteagal 94 2.
|
Agus an dul chun cinn teicniúil agus taithí phraiticiúil arna mbaint amach sna Ballstáit á gcur san áireamh, áireoidh an Coimisiún, ina thuarascáil, meastóireacht ar na gnéithe seo a leanas den Rialachán seo:
(a)
liosta de na formáidí coiteanna a thagann faoin sainmhíniú ar cheallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta;
(b)
na ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht agus sábháilteacht a leagtar síos i gCaibidil II, lena n-áirítear an gá a d’fhéadfadh a bheith ann toirmeasc ar onnmhairithe a thabhairt isteach maidir le ceallraí nach gcomhlíonann na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
(c)
na ceanglais maidir le lipéadú agus faisnéis a leagtar síos i gCaibidil III;
(d)
na ceanglais díchill chuí maidir le ceallraí a leagtar síos in Airteagail 48 go 53;
(e)
na bearta maidir le bainistiú ceallraí dramhaíola a leagtar síos i gCaibidil VIII, lena n-áirítear an fhéidearthacht dhá fho-chatagóir ceallraí inaistrithe a thabhairt isteach eadhon ceallraí inaistrithe in-athluchtaithe agus neamh-in-athluchtaithe, lena ngabhann spriocanna bailithe ar leithligh, agus an fhéidearthacht sprioc bhailithe ar leithligh a thabhairt isteach le haghaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta;
(f)
na bearta maidir leis an bpas ceallra a leagtar amach i gCaibidil IX;
(g)
sáruithe agus éifeachtacht, comhréireacht agus athchomhairleacht na bpionós a leagtar amach in Airteagal 93;
(h)
anailís ar thionchar an Rialacháin seo ar iomaíochas earnáil na gceallraí agus ar infheistíochtaí in earnáil na gceallraí, agus ar an ualach riaracháin a eascraíonn as an Rialachán seo.
I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.
|
|
Airteagal 94 3.
|
Agus an t-athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 á chur san áireamh, áireoidh an Coimisiún meastóireacht shonrach ina thuarascáil maidir leis an ngá atá le togra reachtach chun Airteagail 6, 86, 87 agus 88 den Rialachán seo a leasú.
|
|
Airteagal 94 4.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le Caibidil VII a leasú i bhfianaise glacadh, más ann dó, gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais lena leagtar síos rialacha maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe agus dícheall cuí, lena n-áirítear oibleagáidí ar chuideachtaí maidir le drochthionchair ar chearta an duine agus drochthionchair ar an gcomhshaol i ndáil lena ngníomhaíochtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus a mbrainsí, agus a n-oibríochtaí slabhra luacha. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh torthaí an mheasúnaithe sin faoi cheann 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm aon cheann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nó faoin 30 Meitheamh 2031, cibé acu is túisce. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún, ag gabháil lena thuarascáil, togra reachtach lena leasaítear Caibidil VII.
|
|
Airteagal 94 5.
|
Faoin 30 Meitheamh 2031, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéantar measúnú ar a indéanta atá sé raon feidhme an tsainmhínithe ar “cheallraí LMT” in Airteagal 3, pointe (11), a leathnú, go háirithe trí cheallraí a chumhachtaíonn feithiclí gan rothaí a áireamh ann, agus lena ndéantar measúnú ar na hiarmhairtí teicniúla a bhaineann leis an raon feidhme sin a leathnú amhlaidh. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.
|
|
Airteagal 94 6.
|
Faoin 1 Eanáir 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi is fearr chun caighdeáin chomhchuibhithe a thabhairt isteach do luchtaire comhchoiteann, maidir le ceallraí in-athluchtaithe a dearadh do mhodhanna éadroma iompair, agus do cheallraí in-athluchtaithe a ionchorpraítear i gcatagóirí sonracha trealaimh leictrigh agus leictreonaigh, faoi seach, a chumhdaítear le Treoir 2012/19/AE. Déanfar feistí luchtúcháin le haghaidh catagóirí agus aicmí trealaimh raidió faoi Airteagal 3(4) de Threoir 2014/53/AE a eisiamh ó raon feidhme an mheasúnaithe sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|