|
+IARSCRÍBHINN V |
IARSCRÍBHINN V
IARSCRÍBHINN V PARAIMÉADAIR SHÁBHÁILTEACHTA 1. Suaitheadh teirmeach agus timthriall Dearfar an tástáil seo chun meastóireacht a dhéanamh ar athruithe ar shláine an cheallra de dhroim méadú agus crapadh comhpháirteanna cille tar éis dóibh a bheith faoi lé athruithe as cuimse ar theocht nó athruithe tobanna ar theocht, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarmhairtí féideartha athruithe den sórt sin. Le linn turraing theirmeach, cuirfear an ceallra faoi lé dhá theorainn teochta agus coimeádfar iad ag gach teorainn teochta faoi seach ar feadh tréimhse sonraithe. 2. Cosaint gearrchiorcaid sheachtrach Déanfar meastóireacht leis an tástáil ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra agus gearrchiorcad seachtrach á chur i bhfeidhm. Is féidir meastóireacht a dhéanamh tríd an tástáil ar ghníomhachtú ar fheiste cosanta forshrutha nó ar chumas na gceall an sruth a sheasamh gan a bheith ina gcúis le staid ghuaiseach (mar shampla, imoibriú teirmeach ó smacht, pléascadh, dóiteán). Is iad na príomhfhachtóirí riosca giniúint teasa ar leibhéal na cille agus stuáil leictreach, rudaí ar féidir leo díobháil a dhéanamh do chiorcadra nó a bhféadfadh friotaíocht insliúcháin laghdaithe a bheith mar thoradh uirthi. 3. Cosaint ar róluchtú Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra i gcásanna róluchtaithe. Is iad na príomhrioscaí sábháilteachta le linn róluchtaithe dianscaoileadh na leictrilíte, na catóide agus na hanóide, dianscaoileadh eisiteirmeach shraith an idirphas leictrilíte soladaí (SEI), díghrádú deighilteora, agus an phlátáil litiam, rioscaí a bhféadfadh féin-téamh an cheallra agus imoibriú teirmeach ó smacht a bheith mar thoradh orthu. Áireofar ar na fachtóirí a dhéanann difear do thoradh na tástála, ar a laghad, an ráta luchtaithe agus an staid luchtaithe arna baint amach faoi dheireadh. Is féidir an chosaint a áirithiú trí cheachtar de rialú voltais (idirbhriseadh tar éis an teorainn-voltas luchtaithe a bhaint amach) nó de rialú srutha (idirbhriseadh tar éis an sruth uasta luchtaithe a shárú). 4. Cosaint ar ró-dhíluchtú Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra i gcásanna ró-dhíluchtaithe. Áirítear ar rioscaí sábháilteachta le linn ró-dhíluchtú malartú polaraíochta a bhíonn ina chúis ocsaídithe ar an tiomsaitheoir srutha anóide (Copar) agus ar an bplátáil ar an taobh catóide. Is féidir le ró-dhíluchtú ar mionleibhéal a bheith ina chúis le carnadh deindríte agus le gearrchiorcad ar deireadh. 5. Cosaint ar ró-theocht Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar an éifeacht atá ag teip ar rialú teochta nó ag teip ar ghnéithe eile le haghaidh cosaint in aghaidh róthéamh inmheánach le linn oibriú. 6. Cosaint ar fhorleathadh teirmeach Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra i gcásanna forleata theirmigh. Is féidir le himoibriú teirmeach ó smacht i gcill amháin imoibriú cascáideach a thionscnamh ar fud an cheallra iomláin ar féidir leis a bheith comhdhéanta de chealla iomadúla. D’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann dá thoradh sin lena n-áirítear sceitheadh suntasach gáis. Cuirfear san áireamh leis an tástáil sin na tástálacha atá á bhforbairt ag ISO i gcomhair feidhmeanna iompair agus Rialachán Teicniúil Domhanda na Náisiún Aontaithe. 7. Damáiste meicniúil trí fhórsaí seachtracha Déanfaidh na tástálacha seo ionsamhlú ar chás amháin nó níos mó ina nochtar ceallra do struis mheicniúla trí thimpiste agus ina bhfanann sé oibríoch chun na críche dá bhfuil sé deartha. Ba cheart do na critéir chun na cásanna sin a ionsamhlú a bheith i gcomhréir le húsáidí ón bhfíorshaol. 8. Gearrchiorcad inmheánach Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta cheallra i gcásanna gearrchiorcaid inmheánaigh. D’fhéadfadh gearrchiorcaid inmheánacha, rud atá ar cheann de na príomhthosaíochtaí ag monaróirí ceallraí, a bheith ina gcúis le hastaíochtaí, imoibriú teirmeach ó smacht, agus splancadh trínar féidir na gala leictrilíte a sceitear ón gcill a adhaint. Is féidir le neamhfhoirfeachtaí monaraíochta, láithreacht neamhíonachtaí i gcealla nó fás deindríteach litiam a bheith ina gcúis le gearrchiorcaid inmheánacha den sórt sin, agus is iadsan is cúis leis an gcuid is mó de na teagmhais sábháilteachta ar an láthair. D’fhéadfadh iliomad cásanna gearrchiorcaid inmheánacha tarlú (mar shampla, teagmháil leictreach catóide/anóide, tiomsaitheoir srutha alúmanaim/tiomsaitheoir srutha copair, tiomsaitheoir srutha alúmanaim/anóide) agus friotaíocht teagmhála éagsúil i gceist le gach ceann acu. 9. Drochíde theirmeach Le linn na tástála seo, déanfar an ceallra a nochtadh do theochtaí ardaithe (teocht 85 °C atá in IEC 62619) trínar féidir imoibrithe dianscaoilte eisiteirmeacha a thionscnamh agus as a bhféadfadh imoibriú teirmeach ó smacht sa chill a bheith mar thoradh orthu. 10. Tástáil dóiteáin Déanfar an baol pléasctha a mheasúnú tríd an gceallra a nochtadh do dhóiteán. 11. Astú gás Is féidir le méideanna suntasacha d’ábhair a d’fhéadfadh a bheith guaiseach a bheith i gceallraí, mar shampla leictrilítí an-inadhainte, comhábhair chreimneacha agus thocsaineacha. Má nochtar an ceallra do dhálaí áirithe, d’fhéadfaí sláine an cheallra a chur i mbaol, rud a fhágann go ndéantar gáis ghuaiseacha a sceitheadh. Dá bhrí sin, is tábhachtach go sainaithnítear astaíochtaí gás ó shubstaintí a scaoiltear ón gceallra le linn tástálacha: déanfar an riosca ó gháis thocsaineacha a astaítear ó leictrilítí neamh-uisceacha a chur san áireamh go cuí i gcás gach paraiméadair sábháilteachta a liostaítear i bpointí 1 go 10. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|