|
+IARSCRÍBHINN XI |
IARSCRÍBHINN XI
IARSCRÍBHINN XI RÁTAÍ BAILITHE A RÍOMH DO CHEALLRAÍ INAISTRITHE DRAMHAÍOLA AGUS CEALLRAÍ LMT DRAMHAÍOLA 1. Déanfaidh táirgeoirí na catagóire ábhartha ceallraí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, agus na Ballstáit an ráta bailithe a ríomh mar an céatadán a fhaightear trí mheáchan na gceallraí dramhaíola, a bhailítear i gcomhréir le hAirteagail 59, 60 agus 69, faoi seach, i mbliain féilire ar leith i mBallstát a roinnt ar mheáchan ceallraí den sórt sin ar an meán, a chuireann táirgeoirí ar fáil ar an margadh go díreach le húsáideoirí deiridh nó a sheachadann siad do thríú páirtithe chun iad a chur ar fáil ar an margadh d’úsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin i rith na 3 bliana féilire roimhe sin. Déanfar an ráta bailithe sin a ríomh do cheallraí inaistrithe i gcomhréir le hAirteagal 59, agus do cheallraí LMT i gcomhréir le hAirteagal 60 faoi seach.
2. Déanfaidh táirgeoirí na catagóire ábhartha ceallraí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, agus na Ballstáit díolacháin bhliantúla ceallraí le húsáideoirí deiridh i mbliain ar leith a ríomh, mar mheáchan ceallraí den sórt sin a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit sa bhliain lena mbaineann, cé is moite d’aon cheallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad leis na húsáideoirí deiridh. Déanfar na díolacháin sin a ríomh ar leithligh do cheallraí inaistrithe agus do cheallraí LMT. 3. I gcás gach ceallra, ní chomhairfear ach an chéad uair a chuirtear ar fáil ar an margadh iad i mBallstát. 4. Beidh an ríomh dá bhforáiltear i bpointí 1 agus 2 bunaithe ar shonraí a bhaileofar nó ar mheastacháin a bheidh suntasach ó thaobh staitistice de bunaithe ar na sonraí a bhaileofar. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||